Gregory Byrnes

scoláire Gaeilge as an Astráil

Scoláire nótáilte Gaeilge ón Astráil is ea Gregory Byrnes (Gaeilge: Gréagóir Ó Broin). Tá ábhar foilsithe aige i nGaeilge agus i mBéarla, agus tá taighde tábhachtach déanta aige ar úsáid na Gaeilge san Astráil sa 19ú haois.

Infotaula de personaGregory Byrnes
Beathaisnéis
Breith1963
60/61 bliana d'aois
Sydney, New South Wales Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscoláire Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla

Eisean ba thúisce a rinne liosta de na lámhscríbhinní Gaeilge atá le fáil san Astráil, áis a bhfuil tábhacht léi maidir le stair liteartha na teanga thar lear agus mar áis taighde inti féin.[1]

Tá taighde déanta aige freisin ar stair Chonradh na Gaeilge san Astráil, rud a thugann léargas ar shaothrú na teanga ó aimsir na hAthbheochana i leith. Tá suim aige i saothar scoláirí eile a raibh baint acu leis an Astráil.

Tá páipéir léite aige os comhair roinnt de na Comhdhálacha Gael-Astrálacha, ócáidí móra scoláiriúla a bhíonn ar siúl gach dhá bhliain.[2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Aithníonn scoláirí Astrálacha eile go bhfuil an-ghá le saothar den saghas seo: "In the current context, one of the most pressing tasks for those studying or writing about Irish Australia is to bring up to date and to expand the available bibliographical tools": an Dr Val Noone, 'Recent Australian Irish research papers, 1998-2007,' Paper for 15th Irish-Australian Conference, La Trobe University, 23-26 Meán Fómhair 2007, lch 3.
  2. Seventh and Eighth Irish-Australian Conferences: http://isaanz.org/conference.

Le léamh cuir in eagar

  • Byrnes, Gregory. ‘The Gaelic League in Australasia, 1893-1993,’ in Rebecca Pelan, le cabhair ó Mark Finnane agus Noel Quirke (eag.), Irish-Australian Studies: Papers delivered at the Seventh Irish-Australian Conference, Iúil 1993, Sydney, Crossing Press, 1994, lgh 244-5.
  • Byrnes, Gregory. ‘Irish manuscripts in Australia, a partial shelf list,’ in Irish-Australian studies: papers delivered at the Eighth Irish-Australian Conference, Hobart, Iúil 1995, Sydney: Crossing Press, 1996, lgh 432-437.
  • Byrnes, Gregory. 'The Linguistic Work of Michael Sheehan,' in Studia Hibernica, No. 32, 2002/2003, Coláiste Naomh Pádraig, Droim Conrach, lgh 179-185.

Féach freisin cuir in eagar