Greta Salóme Stefánsdóttir

amhránaí agus cumadóir Íoslannach

Amhránaí, cumadóir agus veidhleadóir Íoslannach is ea Greta Salóme Stefánsdóttir, a dtugtar lasmuigh den Íoslainn Greta Salóme go simplí uirthi. Sheas sí don Íoslainn i gComórtas Amhránaíochta na hEoraifíse 2012 i mBakı, An tAsarbaiseáin, i ndíséad leis an amhránaí Jonsi leis an amhrán "Never Forget" (Ná déan dearmad riamh). Sheas sí arís don Íoslainn, an uair seo mar aonréadaí, i gComórtas Amhránaíochta na hEoraifíse 2016 i Stócólm, An tSualainn, leis an amhrán "Hear Them Calling" (Cluin iad agus iad ag glaoch). I mí na Samhna 2012, d'fhoilsigh sí a céad cheirnín, "In the Silence" (Sa Tost); ó shin, d'fhoilsigh sí ocht singil: "Lifnur Aftur Viđ" (Athbhreith), "Í dag" (Inniu), "Fleyiđ" (An Bád), "Raddirnar" (Guthanna, leagan Íoslainnise "Hear Them Calling Me"), "Hear Them Calling Me", "Row" (Rámhaíocht), "Running Out of Time" (Ag rith as am) agus "My Blues" (Mo chuid lagmhisnigh).

Infotaula de personaGreta Salóme Stefánsdóttir

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith11 Samhain 1986
37 bliana d'aois
Mosfellsbær, An Íoslainn Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Íoslainnis
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí, cumadóir amhrán, veidhleadóir, cumadóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre2011 –
SeánraPopcheol
TeangachaAn Íoslainnis agus Béarla
UirlisVeidhlín agus ceol gutha
Ghlac sé/sí páirt i
10 Bealtaine 20161st semifinal of the Eurovision Song Contest 2016 (en) Aistrigh
2016Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse 2016
22 Bealtaine 2012Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse 2012 Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm5081438 Facebook: gretasalome.violin Twitter: gretasalome Spotify: 1WCD4cddyV9Yk4zk7H9eju iTunes: 512092657 Musicbrainz: b176b32a-ceeb-43f0-bcb9-c74a89b91b03 Discogs: 372468 Deezer: 2254401 Cuir in eagar ar Wikidata

Beathaisnéis cuir in eagar

D'fhás Greta aníos sa bhaile Mossfellsbær, buille ó thuaidh Réicivíc.[1] Thosaigh sí ag déanamh staidéir ar an bhfidil ag aois ceithre bhliana, agus d'fhreastalódh sí faoi dheireadh ar Acadamh Íoslainnis na n-Ealaíon.[2]

Gairm cuir in eagar

Eoraifíse 2012 cuir in eagar

Fuair sí cáil ar an gcéad uair tar éis gur bhuaigh sí an chomórtas le seasadh don Íoslainn i gComórtas Amhránaíochta na hEoraifíse 2012, Söngvakeppni Sjónvarpsins 2012, a bhí ar siúl idir 14ú Eanáir agus 11ú Feabhra. Chuaigh sí san iomaíocht le dhá amhrán scríofa aici: "Aldrei sleppir mér" (Ná scaoil uaim riamh) i dtríréad le Heiđa agus Guđrun Árný, agus "Mundu eftir mér" (Cuimhnigh orm), i ndíséad le Jonsi. Cháiligh sí isteach sa bhabhta cheannais leis an dá amhrán; roghnaigh sí dul san iomaíocht le "Mundu eftir mér" ach amháin, fad is a chan Heiđa agus Guđrun Árný "Aldréi Sleppir Mér" ina ndíséad féin. Bhuaigh Greta agus Jonsi an babhta cheannais, agus ina dhiaidh sin, scaoil siad amach an leagan Béarla de "Mundu Eftir Mér", "Never Forget", le cur i láthair san Eoraifíse i mBealtaine.

Ag an Eoraifíse, tarraingíodh iad le cur i láthair sa chéad babhta leathcheannais, i ndara áit as ocht thír déag san ord reatha. Bhuaigh siad 75 phointe agus an 8ú áit, é sin á gcur isteach sa bhabhta cheannais. Sa bhabhta cheannais, chuir siad i láthair i seachtú áit as sé thír agus fiche; bhain siad 46 phointe, agus an 20ú áit, é sin á gcur i 20ú áit de 42 thír sa chomórtas ar fad. Tharraing siad suntas i measc grúpaí luchta leanúna na hEoraifíse ach go háirithe, iad ag baint amach na 3ú áite as na 42 thír i vótaíocht an OGAE[3], eagraíocht idirnáisiúnta lucht leanúna hEoraifíse, agus ag baint amach freisin na 3ú áite, ar meán, i measc na bhfíseán rangaithe foilsithe ag na leanúnaithe ar YouTube[4].

2012-2015 cuir in eagar

I ndiaidh na hEoraifíse 2012, scaoil sí an singil "Everywhere Around Me" i Lúnasa 2012[5], agus ansin a céad cearnóg, "In the Silence", sa tSamhain sin, cearnóg a choimeáid a trí amhrán Eorafíse chomh maith le "Everywhere Around Me" agus naoi amhrán níos mó, an singil teidile san áireamh. Tar éis tréimhse a chaith sí ar camchuairt ar fud na hÍoslainne, fuair sí conradh le Disney le seinnt ar a long cursála 'Disney Dream', taithí a dúirt sí gur thug sé "timpeallacht cosanta, [inar fhéad sí] fás mar thaibheoir". Faoi dheireadh, thug siad conradh di lena seó féin a chruthú le cur i láthair ar an long 'Disney Magic', a raibh sí go fóill á dhéanamh nuair a chuaigh sí chun na hEoraifíse ar an dara huair.[6]

Eoraifíse 2016 cuir in eagar

Ar 11ú Samhain 2015, d'fhoilsigh an craoltóir náisiúnta Íoslainnis, RÚV, go raibh Greta Salóme i measc na dtaibheoirí a rachadh san iomaíocht le seasamh don Íoslainn i gComórtas Amhránaíochta na hEoraifíse 2016, lena hamhrán "Raddirnar", agus freisin go rachadh amhrán eile scríofa aici, "Á ný" (Arís), san iomaíocht curtha i láthair ag an amhránaí Elísabet Ormslev. Cháiligh an dá amhrán isteach sa bhabhta cheannais, inar roghnaigh Greta a hamhrán a chur i láthair as Béarla, faoin teideal "Hear Them Calling". Sa bhabhta cheannais, chríochnaigh Greta i 2ú áit agus Elísabet i 6ú áit, ag cur Elísabet as ach ag cur Greta isteach sa bhabhta dheireanach, an 'Babhta Mórcheannais', idir an dá amhrán is tóire. Sa bhabhta mórcheannais, bhain Greta amach an chéad áit, le 61.32% na nguthanna, á cur ina seasadóir don Íoslainn san Eoraifíse ar a dara huair.

I Stócólm, tarraingíodh Greta le canadh sa chéad babhta leathcheannais, agus roghnaigh na léiritheoirí go gcuirfeadh sí i láthair i 16ú áit de 18 dtír. D'ainneoin dóchais airde i measc an luchta leanúna, ní tháinig sí ach sa 14ú áit, le 51 phointe, agus mar sin níor cháiligh sí isteach sa bhabhta cheannais. Ina ainneoin sin, dúirt sí nach raibh brón uirthi faoi[7]:

"What a night! It´s a unique feeling knowing you had the performance of your life and a whole stadium shouting out for your country when they were announcing the finalists and still not make it into the finals. I can honestly say that I feel like a winner after tonight´s show and there is nothing I could have done better. And of course my team has been the best I could ever have had. I´ve seen the twitter and Facebook discussions and I am beyond grateful for the support I´ve been getting. I´m just as surprised as you all are, but maybe just not as disappointed, simply for the fact that I am so happy with the performance. I am also so grateful for the great comments we got from the commentators and all of you out there. The message about the song has been spreading like fire for the last few days and we will take that message and make it ours. I am not sad tonight…..surprised yes but overall grateful especially for all of those messages I´ve been getting from you across Europe and most but not least the people in Iceland."

2016 go dtí an lá inniu cuir in eagar

Ó shin, scaoil Greta ceithre shingil eile nua: "Row", "Running Out of Time", "My Blues", "Mess It Up", agus 'Wildfire' (feat. Tiny), atá ina chuid d'fhuaimrian an scannáin Íoslannaigh 'Lói'. Beidh na hamhráin seo, nó cuid acu, ina mbaill dá dara cearnóg.[1]

Dioscliosta cuir in eagar

Albaim Stiúideo cuir in eagar

Teideal Sonraí
In the Silence
  • Scaoilte: 16 Samhain 2012
  • Lipéad: Hands Up Music

Singlí cuir in eagar

Teideal Bliain Beannáiteanna sna Cairteacha Albam
ÍOS BEI
(Vl)
[8]
"Never Forget"
(i ndíséad le Jónsi)
2012 2 A In the Silence
"Everywhere Around Me"
"Lifnur Aftur Viđ" 2014
"Í dag" 2015
"Fleyið"
"Raddirnar" 2016 3
"Hear Them Calling" 1
"Row"
"Running Out of Time"
"My Blues" 2017 4
"Wildfire" (feat. Tiny) 2018 9
"Mess It Up" 2019
Comharthaíonn "—" singil nach bhfuair áit sna cairteacha nó nár scaoileadh ó thaobh tráchtála

Tagairtí cuir in eagar


Nótaí cuir in eagar

A Níor bhain "Never Forget" áit amach ar an chairt oifigiúil Bheilgeach, Ultratop 50, fuair sí áit ar an chairt Ultratip, a chomhcheanglaíonn aerseinnt agus díolacht, ag uimhir 30.[1]

Foinsí cuir in eagar

  1. "Discografie Greta Sal%F3me Stef%E1nsd%F3ttir". ultratop.be. Dáta rochtana: 2019-04-07.