Grianghrafadóireacht iar-aga
Sraith grianghrafanna a thógtar le tréimhse rialta ama eatarthu, iad go léir ón ionad céanna, chun forbairt ábhair a thaifeadadh, cosúil le fás planda, cruthú scamaill, creimeadh miotail, nó sreabhadh tráchta. Nuair a theilgtear na frámaí leanúnacha i ndiaidh a chéile ar luas níos tapa ná ráta na grianghrafadóireachta, faightear léiriú deifrithe den phróiseas nádúrtha. Ar an dóigh seo a fheidhmíonn físcheamara.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Grianghrafadóireacht iar-aga". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 333.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |