Pléasca faoi dhromchla na Gréine is ea grianspota, a bhíonn millteanach cumasach, an oiread fuinnimh i gceann amháin díobh is a bheadh i bpléascadh 1,000 milliún milliún tonna trínítreatolúéine.

Grianspotaí

Bíonn tréimhsiúlacht 11 bliain ina ngníomhaíocht. Bhí an ghníomhaíocht seo i mbarr a réime i 2002. Le gach pléasc ollmhór, caitear na mílte milliún tonna de gháis amach ón nGrian, na cáithníní luchtaithe go leictreach, agus luas timpeall 2000 km sa soicind fúthu.

Bíonn an sruth ollmhór cáithníní seo mar a bheadh sruth ollmhór leictreach ag taisteal tríd an spás, agus réimsí cumasacha maighnéadacha ag baint leo. Má bhíonn na sruthanna seo dírithe i dtreo an Domhain, nuair a shroicheann siad an Domhan cuireann na tonnta maighnéadacha isteach ar réimse maighnéadach an Domhain féin, fiú is iad lagaithe go mór tar éis an 150 milliún km a thaisteal ón nGrian.

Réabann siad córais is gléasanna leictreamaighnéadacha. I 1989 chuir stoirm gheomaighnéadach mar seo trasfhoirmeoirí i gcóras soláthair an leictreachais i Québec ó mhaith, ag dorchú na príomhchathrach.[1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Grianspotaí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 333.