An chathair is mó in Eacuadór is ea Guayaquil agus é suite ar bhruach thiar na habhann Guayas, in iarthar na tíre. Ritheann an Guayas isteach i Murascaill Guayaquil, san Aigéan Ciúin, timpeall is 20 míle slí níos faide ó dheas ón gcathair. Is í an Guayas an abhainn is mó i Meiriceá Theas a shníonn isteach san Aigéan Ciúin, cuid den chúis le tábhacht Guayaquil mar chalafort. Bhí cónaí ar 2,560,505 duine sa chathair de réir meastacháin a rinneadh sa bhliain 2011.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilGuayaquil

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnCanción del 9 de octubre Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 2°11′24″S 79°53′15″W / 2.19°S 79.8875°W / -2.19; -79.8875
Stát ceannasachEacuadór
Province of Ecuador (en) AistrighGuayas Province (en) Aistrigh
Cantons of Ecuador (en) AistrighGuayaquil (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Guayas Province (en) Aistrigh (1830–) Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán2,650,288 (2022) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús7,476.55 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla354.48 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAbhainn Guayas agus Gulf of Guayaquil (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Airde4 m Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú15 Lúnasa 1534
ÉarlamhNaomh Séamus, mac Zeibidé Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist090101 - 090158 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód04 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinguayaquil.gob.ec Cuir in eagar ar Wikidata
Guayaquil ón aer. Is féidir patrún na mblocanna cearnacha atá coitianta i gcathracha an Domhain Úir a fheiceáil go soiléir.

Stair cuir in eagar

Bhíodh Indiaigh ina gcónaí insan áit ina bhfuil Guayaquil inniu sular tháinig na hEorpaigh a chéaduair. Dhéanaidís trádáil feadh na cóstaí chomh fada ó dheas le deisceart Pheiriú agus ó thuaidh le deisceart Mheicsiceo. De réir na leabhar staire, bhunaigh na Spáinnigh an chathair sa bhliain ar 25 Iúil 1534 faoin ainm Santiago de Guayaquil, nó le bheith cruinn, Muy Noble y Muy Leal Ciudad de Santiago de Guayaquil ("Cathair an-uasal agus an-dílis Santiago de Guayaquil").

D'fhulaing Guayaquil ionsaithe foghlaithe mara, Sasanaigh sa chuid ba mhó, i luathstair na cathrach. Chomh déanach le 1709 ghlac drong díobh seilbh ar Guayaquil; d'imigh siad nuair a bhris an calar amach sa chathair. Ar 9 Deireadh Fómhair 1820 d'éirigh cuid de na saoránaigh. Beagnach gan foréigean, ghabh siad na hoifigigh Spáinneacha agus d'fhógair Guayaquil a bheith neamhspleách. Céim mhór a bhí ann i gcogadh an neamhspleáchais in Ecuadór.

 
Guayaquil cois Guayas