Samhlú infheicthe d'airíonna guth duine, anailís speictreagrafach de ghnáth. Saothraíodh sna 1960idí é, ar chosúlacht le méarlorg agus an smaoineamh go mbeadh sé uathúil do dhuine. Baineadh feidhm as i gcúiseanna dlí sna Stáit Aontaithe, ach níor cruthaíodh a uathúlacht go cuimsitheach ar chor ar bith. Tá forbairtí ar siúl an t-am ar fad, le cabhair ríomhairí is mionmhicreafón feabhsaithe go háirithe, agus tá muinín lucht dlí as ag fás.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Guthlorg". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 337.