Haileabó
An ceann is mó i measc na leathóg Atlantach. Faightear é ar ghrinnill ghainmheacha is chlochacha 100-1,500 m thíos i bhfarraigí fuara an Atlantaigh thuaidh. Suas le 2.5 m ar fhad. Na súile ar an taobh deas, an béal is na fiacla mór. Donn nó glasdonn ar an droim, agus bán faoina bhun. An baineannach suas le 200 kg, an fireannach suas le 25 kg. Inite, tábhachtach sa trádáil, luachmhar d'iascairí.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Eileabó". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 242.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |