Hamilton, Ontario
Cathair i gcúige Ontario, i gCeanada, é Hamilton, agus é suite ag ceann thiar Loch Ontario i lár theas an chúige. Calafort agus cathair mhór déantúsaíochta atá ann. Bhí 519,949 duine ina gcónaí i Hamilton sa bhliain 2011, 721,053 ar fad i mórcheantar na cathrach. Is é Fred Eisenberger méara Hamilton.
Hamilton, Ontario | |||||
---|---|---|---|---|---|
|
|||||
Ainmnithe in ómós | George Hamilton | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Ceanada | ||||
Cúige Cheanada | Ontáirio | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 569,353 (2021) | ||||
• Dlús | 500.26 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Niagara Peninsula (en) Greater Toronto and Hamilton Area (en) | ||||
Achar dromchla | 1,138,110,000 m² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Loch Ontario | ||||
Airde | 75 m | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 9 Meitheamh 1846 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht reachtach | Hamilton City Council (en) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | L0R, L8E-L8W, L9A-L9C, L9G-L9H, L9K | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | hamilton.ca | ||||
Stair
cuir in eagarNa hIndiaigh Neodracha a bhí ina gcónaí sa limistéar ina bhfuil Hamilton anois. Chuir na Mohawk, comhghuaillithe de chuid na Sasanach, cogadh orthu agus scrios siad bailte beaga na nIdiach Neodrach. Sa bhliain 1784, chuir timpeall agus 10,000 Dílseoirí ó na 13 Coilíneacht fúthu sa chuid sin d'Ontario. Tháinig níos mó Meiriceánach ar a sála, chomh maith lena lán Iroquois a throid sa chogadh ar thaobh na mBriotanach. Lonnaigh na hIroquois i gceantracha laistiar de Hamilton.
George Hamilton a smaoinigh ar bhaile mór a bhunú san áit. Rinneadh cathair de ar an 9ú Meitheamh 1846. Ar an 1ú Eanáir 2001, cuireadh cathair Hamilton le Wentworth agus bailte eile sa cheantar faoi aon bhardasacht amháin.
Geograife agus geilleagar
cuir in eagarTá Hamilton suite sa réigiún is dlúithe tionsclaíocht i gCeanada, réigiún a shíníonn siar ó Hamilton go Toronto agus ar a dtugtar an Crú Capaill Órga (Golden Horseshoe) as an gcruth atá air ar an léarscáil. Déantar 60% de chruach Cheanada i Hamilton.
Nasc seachtrach
cuir in eagarIs síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |