Herbert C. Hoover
Ba é Herbert Clark Hoover (10 Samhain 1874 - 20 Deireadh Fómhair 1964) 31ú huachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá. Bhí sé ina bhall den pháirtí Poblachtánach.
Bhí Hoover i bhfeidhmeannas ó 3 Márta 1929 go dtí an 3 Márta 1933. Thosaigh an Spealadh Mór i ndiaidh thuairteáil an stocmhalartáin ar an 29 Deireadh Fómhair 1929.
Gaireadh Franklin D. Roosevelt ina Uachtarán ar na Stáit Aontaithe sa bhliain 1933. Ag an am sin, bhí beagnach tríocha faoin gcéad d’oibrithe na tíre dífhostaithe agus bhí teipthe ar na céadta míle gnónna ar fud na tíre.
Is dona an bhreith a thug an stair ar Hoover agus na polasaithe ‘laissez-faire’ an rialtais le linn an ama sin (idirghabháil ar bith).
Ach ní raibh an Cúlchiste Feidearálach faoi smacht an Uachtaráin ag an am.[2] Agus bhí Hoover i bhfeidhmeannas freisin nuair a cuireadh tús le damba Hoover ar abhainn an Cholorado. Cuireadh tús leis an obair thógála sa bhliain 1931.
1940
cuir in eagarBa é Hoover an t-iar-uachtarán amháin a rinne iarracht filleadh ar an Oifig Ubhchruthach. Ach chaill sé an rás don Teach Bán i 1940.[3]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ History com Editors. "Herbert Hoover" (en). HISTORY. Dáta rochtana: 2021-10-20.
- ↑ Ciarán Mac Aonghusa (beo.ie) (2009). "Cad is ceannaireacht ann?". Dáta rochtana: 2018.
- ↑ Tuairisc (16 Samhain 2022). "‘Tá Meiriceá ag dul i léig’ – fógra déanta ag Donald Trump go bhfuil sé ag seasamh d’uachtaránacht SAM arís" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-11-16.
Is síol faoi Mheiriceá é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |