Heydar Aliyev

polaiteoir Sóivéadach agus Asarbaiseánach (1923-2003)

Polaiteoir Asarbaiseánach agus deachtóir a bhí in Heydar AliyevHeydər Əlirza oğlu Əliyev(10 Bealtaine 1923 - 12 Nollaig 2003).

Heydar Aliyev
Heydar Aliyev (crop).jpg
ball den Sóivéid Uachtarach den Phoblacht Shóisialach Chónaidhmitheach Shóivéadach na Rúise


11. premier secrétaire du comité central du parti communiste d'Azerbaïdjan (fr) Aistrigh

Iúil 14, 1969 - Nollaig 3, 1982
Vali Akhundov (en) Aistrigh - Kamran Baghirov
First Deputy Premier of the Soviet Union (en) Aistrigh

Samhain 24, 1982 - Deireadh Fómhair 23, 1987
Ivan Arkhipov - Andrei Gromyko (en) Aistrigh
Speaker of the National Assembly of Azerbaijan (en) Aistrigh

Meitheamh 15, 1993 - Samhain 5, 1993
Isa Gambar - Rasul Guliyev
3. uachtarán Phoblacht na hAsarbaiseáine

Deireadh Fómhair 3, 1993 - Nollaig 12, 2003
Abülfaz Elçibay - Ilham Aliyev
Saol
Eolas breitheNakhchivan (en) Aistrigh, 10 Bealtaine 1923
NáisiúntachtAn tAontas Sóivéadach
An Asarbaiseáin
Teanga dhúchaisAn Asarbaiseáinis
BásCleveland, 12 Nollaig 2003
Áit adhlacthaAlley of Honor (en) Aistrigh
Cúis bháis (cliseadh duán)
Muintir
AthairAlirza Aliyev
Céile/CéilíZarifa Aliyeva (en) Aistrigh  (1948 -  Aibreán 15, 1985)
Páistí
liosta iomláin
Oideachas
Alma materBaku State University (en) Aistrigh 1957)
Azerbaijan State Oil and Industrial University (en) Aistrigh
(1939 -
TeangachaAn Asarbaiseáinis
An Rúisis
Gairm
Gairmpolaiteoir
Duaiseanna
enllaç= Ord Leinín  (Lúnasa 25, 1971)
enllaç= Medal "For the Victory over Germany in the Great Patriotic War 1941–1945"
Hero of Socialist Labour  (Lúnasa 24, 1979)
enllaç= Order of the Red Star  (Bealtaine 26, 1962)
enllaç= Order of the October Revolution  (Márta 10, 1982)
enllaç= Order of the Patriotic War 1st class  (Aibreán 23, 1985)
enllaç= Medal "For Labour Valour"
enllaç= Medal "For Battle Merit"
enllaç= Medal "For the Defence of the Caucasus"
enllaç= Medal "Veteran of Labour"
enllaç= Medal "For Valiant Labour in the Great Patriotic War 1941–1945"
enllaç= Jubilee Medal "50 Years of Victory in the Great Patriotic War 1941–1945"
enllaç= Medal "Veteran of the Armed Forces of the USSR"
enllaç= Ord Leinín  (Bealtaine 8, 1973)
enllaç= Ord Leinín  (Nollaig 27, 1976)
enllaç= Ord Leinín  (Lúnasa 24, 1979)
"Hammer and Sickle" gold medal  (Lúnasa 24, 1979)
enllaç= Ord Leinín  (Bealtaine 7, 1983)
Hero of Socialist Labour  (Bealtaine 7, 1983)
"Hammer and Sickle" gold medal  (Bealtaine 7, 1983)
enllaç= Order of St. Andrew the Apostle the First-Called  (Bealtaine 10, 2003)
enllaç= Order of Prince Yaroslav the Wise, 1st class  (Márta 20, 1997)
enllaç= Order of the Golden Fleece  (2001)
Order of St. Sergius of Radonezh 1st class
enllaç= Jubilee Medal "In Commemoration of the 100th Anniversary of the Birth of Vladimir Ilyich Lenin"
enllaç= Jubilee Medal "Twenty Years of Victory in the Great Patriotic War 1941–1945"
enllaç= Jubilee Medal "Thirty Years of Victory in the Great Patriotic War 1941–1945"
enllaç= Jubilee Medal "Forty Years of Victory in the Great Patriotic War 1941–1945"
enllaç= Jubilee Medal "30 Years of the Soviet Army and Navy"
enllaç= Jubilee Medal "40 Years of the Armed Forces of the USSR"
enllaç= Jubilee Medal "50 Years of the Armed Forces of the USSR"
enllaç= Jubilee Medal "60 Years of the Armed Forces of the USSR"
enllaç= Jubilee Medal "70 Years of the Armed Forces of the USSR"
enllaç= Medal "For Impeccable Service"
Honorary officer of the State Security
enllaç= Order of State of Republic of Turkey
honorary doctor of the Moscow State Institute of International Relations
enllaç= Medal "For Impeccable Service", 2nd class
[[]]
BallraíochtPolitburo of the Central Committee of the Communist Party of the Soviet Union (en) Aistrigh
Seirbhís mhíleata
Céimcoirnéal
maorghinearál
Throid sé/sí agEastern Front (World War II) (en) Aistrigh
Cleamhnú
ReiligiúinSiach
Páirtithe polaitíochtaPáirtí Cumannach an Aontais Shóivéidigh
New Azerbaijan Party (en) Aistrigh
heydar-aliyev-foundation.org
Signature of Heydar Aliyev.svg

LuathshaolCuir in Eagar

Is deacair cur síos ceart a thabhairt ar imeachtaí a shaoil, ach dealraíonn sé gurb i Naxçıvan a tháinig sé chun saoil. Bhain sé amach céim san oideachas i scoil traenála na múinteoirí i Naxçıvan, agus chaith sé seal ag staidéar ailtireachta. Ba nós leis a áitiú go ndeachaigh sé ag foghlaim staraíochta in Ollscoil Stáit Bakı, ach is é an tuairim atá ag lucht an tsaineolais go ndeachaigh sé go Leningrad le freastal ar scoil slándála an stáit ansin.

KGBCuir in Eagar

Sa bhliain 1944, chuaigh Əliyev ag obair do Choimeasáracht Phobail Slándála an Stáit (NKGB) san Asarbaiseáin, is é sin, an eagraíocht chéanna ar ar baisteadh KGB - Coiste Slándála an Stáit - sa bhliain 1954. Rinne Əliyev an-dul chun cinn sa KGB, agus sa bhliain 1967, bhí sé ina Mhaor-Ghinearál agus ina cheannasaí ar an KGB san Asarbaiseáin.

Sa bhliain 1969, cheap Leonid Brezhnev é ina Ard-Rúnaí ar an bPáirtí Cumannach san Asarbaiseáin, ó bhí sé de chlú air go raibh sé ar dóigh ag cur troda ar an mbreabaireacht is ar an gcaimiléireacht. B'éigean dó féin, áfach, go leor caimiléireachta a dhéanamh le gnaoi Brezhnev a tharraingt air féin. Nuair a tháinig Mikhail Gorbachev i mbun na gcúrsaí san Aontas Sóivéadach, thug sé bata is bóthar d'Əliyev mar bhreabaire is mar chaimiléir.

 
Rövşən Hüseynov agus Heydər Əliyev

Teacht i gcumhachtCuir in Eagar

D'fhan Əliyev i Moscó go dtí an bhliain 1990, nuair a d'fhill sé ar Naxçıvan. Ansin dó, chuir sé é féin chun tosaigh mar náisiúnaí measartha, agus de réir a chéile, shealbhaigh sé an chumhacht sa chúige, beag beann ar Ayaz Mütəllibov a bhí ina Uachtarán ar an Asarbaiseáin san am.

 
aerfort inniu

San am seo, bhí an cogadh idir an Airméin agus an Asarbaiseáin ag cur chun géaradais, agus i mBealtaine 1992, b'éigean do Mütəllibov éirí as agus an Uachtaránacht a fhágáil ag Əbülfəz Elçibəy a bhí i gceannas ar eagraíocht pholaitiúil an fhreasúra, Fronta Pobail na hAsarbaiseáine.

Ní raibh an tUachtarán nua ábalta Naxçıvan a athshealbhú ó Əliyev. Sa deireadh thiar, i Meitheamh 1993, d'éirigh na fórsaí armtha amach in aghaidh Elçibəy, agus b'éigean dósan an Uachtaránacht a fhágáil ag Əliyev.

 
másailéam inniu

DeachtóireachtCuir in Eagar

Chaith Əliyev an chuid eile dá shaol ag rialú na hAsarbaiseáine ar nós an deachtóra. Bhí sé in ann infheisteoirí a mhealladh ón gcoigríoch le hairgead a shuncáil in eacnamaíocht na tíre, go háirithe i dtionsclaíocht na hartola. San am céanna, áfach, d'fhás an bhreabaireacht as éadan, go dtí gur rangaíodh an Asarbaiseáin ar an tír ba mheasa éilliú ar fud an domhain.

BásCuir in Eagar

Thosaigh a shláinte ag teip ar Əliyev sa bhliain 1999, nuair b'éigean dó aghaidh a thabhairt ar na Stáit Aontaithe le dul faoi scian an mháinlia. Rinneadh máinliacht seach-chonaire air i gCleveland. Níor mhair sé ach cúpla bliain ina dhiaidh sin, ach bhí de sheal aige a mhac féin, İlham Əliyev, a cheapadh mar Uachtarán nua sula bhfuair sé bás.

TagairtíCuir in Eagar