Míchail Gorbaitseov

Ard-Rúnaí Pháirtí Cumannach an Aontais Shóivéadaigh
(Athsheolta ó Mikhail Gorbachev)

Iar-cheannaire an Aontais Shóivéadaigh ab ea Míchail Gorbaitseov[1]Mikhail Gorbachev (Rúisis: Михаи́л Серге́евич Горбачёв), a bhí i gceannas ar an APSS idir 1985 agus 1991 (2 Márta 1931 i bPrivolnoye, an Rúis - 30 Lúnasa 2022 i Moscó).

Infotaula de personaMíchail Gorbaitseov

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ru) Михаил Сергеевич Горбачёв Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith2 Márta 1931
Privolnoye (an tAontas Sóivéadach)
Bás30 Lúnasa 2022
91 bliana d'aois
Central Clinical Hospital (an Rúis)
Siocair bháisBás nádúrtha (Cliseadh duán)
Áit adhlacthaReilig Novodevichy Cuir in eagar ar Wikidata
Uachtarán an Aontais Shóivéadaigh
15 Márta 1990 – 25 Nollaig 1991
← luach ar iarraidh – Deireadh an phoist →
Chairman of the Supreme Soviet of the USSR (en) Aistrigh
25 Bealtaine 1989 – 15 Márta 1990
← luach ar iarraidh – Anatoly Lukyanov →
11 Cathaoirleach an Phraesaidiam d'Ard-Shóivéadach den an APSS
1 Deireadh Fómhair 1988 – 25 Bealtaine 1989
← Andrei GromykoDeireadh an phoist →
6 Ard-Rúnaí Pháirtí Cumannach an Aontais Shóivéadaigh
11 Márta 1985 – 24 Lúnasa 1991
← Konstantin ChernenkoVolodymyr Ivashko → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Idé-eolaíocht pholaitíochtaMarxachas-Leiníneachas agus daonlathas sóisialach
ReiligiúnAindiachas
Scoil a d'fhreastail sé/síMoscow State University, Faculty of Law (en) Aistrigh (–1955)
Stavropol State Agrarian University (en) Aistrigh (–1967)
Ollscoil Stáit Moscó Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilDochtúir Eolaíochtaí
Teanga dhúchaisan Rúisis
Gníomhaíocht
Réimse oibrePolaitíocht, economic reform (en) Aistrigh, democratization (en) Aistrigh, peireastráice agus political reform (en) Aistrigh
Gairmpolaiteoir, eacnamaí, gníomhaí timpeallachta, saineolaí dlí, dlíodóir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirAll-Union Leninist Young Communist League (en) Aistrigh
The Gorbachev Foundation (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaUnion of Social Democrats (en) Aistrigh (2007–)
Páirtí Sóisialta Daonlathach na Rúise (2001–2007)
Páirtí Cumannach an Aontais Shóivéidigh (1950–1991)
Russian United Social Democratic Party (en) Aistrigh (–2001) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Faoi thionchar
TeangachaAn Rúisis
Gairm mhíleata
Céim mhíleatacoirnéal Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
1997Mikhail Gorbachev Pizza Hut commercial (en) Aistrigh
1996Visiting Dmitry Gordon (en) Aistrigh
2 Iúil 199028th Congress of the Communist Party of the Soviet Union (en) Aistrigh
25 Feabhra 198627th Congress of the Communist Party of the Soviet Union (en) Aistrigh
23 Feabhra 198126th Congress of the Communist Party of the Soviet Union (en) Aistrigh
24 Feabhra 197625th Congress of the Communist Party of the Soviet Union (en) Aistrigh
30 Márta 197124th Congress of the Communist Party of the Soviet Union (en) Aistrigh
17 Deireadh Fómhair 196122nd Congress of the Communist Party of the Soviet Union (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileRaisa Gorbacheva (1953–1999), bás a c(h)éile Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteIrina Virganskaya Cuir in eagar ar Wikidata
AthairSergey Gorbachev  agus Maria Gorbacheva
Croineolaíocht
30 Lúnasa 2022death and funeral of Mikhail Gorbachev (en) Aistrigh
26 Aibreán 1986Tubaiste Searnóbail Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

Veu de Míchail Gorbaitseov (an Rúisis) Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh gréasáingorby.ru Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0329784 FilmAffinity: 996149124 Allocine: 37163 Allmovie: p208691 TMDB.org: 230551
X: mgorbachev Musicbrainz: 4cf28e5c-a148-42d3-802f-d0f6f4033086 Find a Grave: 243112837 Cuir in eagar ar Wikidata

Tháinig Gorbachev chun cinn in 1985 mar cheannaire ar an Aontas Sóivéadach agus bhí na polasaithe nua Gleasnast (oscailteacht nó réchúiseachas) agus perestroika (athstruchtúrú) á gcur i bhfeidhm aige.[2] Ba é Gorbachev an ceannaire deireanach ar an Aontas Sóivéadach. Chuir sé deireadh leis an gChogadh Fuar i ndiaidh tréimhse détente agus bhog sé ar aghaidh ón cheannasaíocht thraidisiúnta Shoivéadach ar na 'stáit ar adhastar' in Oirthear na hEorpa.[3]

Teacht i réim

cuir in eagar

Fuair Leonid Brezhnev bás sa bhliain 1982. Ar feadh cúpla bliain ina dhiaidh sin, chonacthas beirt seanfhear, Yuriy Andropov agus Konstantin Chernenko, ag rialú an Aontais go tiubh sna sálaí ag a chéile. Ceannairí idirlinne ab ea iad nach raibh mórán difríochta idir iad agus Brezhnev.

Sa bhliain 1985, áfach, tar éis bhás Chernenko, ba é Gorbaitseov a ghlac ceannaireacht an pháirtí, an tríú ceannaire taobh istigh de thrí bliana.[4]

Bhí sé i bhfad ní b'óige ná mar ba ghnách d'Ard-Rúnaí an Pháirtí Chumannaigh a bheith, agus chrom sé ar an eacnamaíocht, an Páirtí agus an polasaí meán cumarsáide a chur i gcrích.

Fealsúnacht

cuir in eagar

Bhí a fhios ag Gorbaitseov go gcaithfeadh an APSS athrú ó bhun, idir chúrsaí polaitiúla agus chúrsaí eacnamaíocha, dá mb’áil leis fanacht beo. Ba é an chéad chéim deireadh a chur le hiomaíocht na n-arm, sa dóigh go bhféadfaí airgead a infheistiú i ngeilleagar an stáit.[4]

Spreag Gorbaitseov an pobal fosta, áfach, cáineadh cruthaitheach a dhéanamh ar an chóras chumannach mar dhóigh le cuidiú leis éirí nua-aimseartha agus feabhsú.[4]

Reagan agus Gorbaitseov, 1987

Bhí Gorbachev go háirithe an-bhuartha faoi staid an gheilleagair Rúisigh. Ba eisean an chéad cheannaire Sóivéadach nach raibh baint pholaitiúil aige leis an ré Stailíneach. Bhí a fhios ag Gorbachev nach dtiocfadh leis an Rúis leanúint de bheith ag caitheamh airgid gan stad ar mhaithe le bheith ag an leibhéal céanna caiteachas cosanta le SAM:

Thatcher, Gorbaitseov agus a bhean chéile

B'iad na focail 'peireastráice" (perestroika, "atógáil, athstruchtúrú" nó geilleagar ní b'oscailte) agus "gleasnast" (glasnost', "neamhbhailbhe" nó oscailteacht) a tharraing Gorbachev chuige ag iarraidh a chuid leasuithe a shainmhíniú.

Tá an coincheap gleasnast (glasnost i mBéarla), nó oscailteacht tuairimíochta, lárnach maidir le tuiscint a fháil ar an Rúis sna 1980idí.[3] B'é an gleasnast ba mhó a d'athraigh an saol san Aontas, nó bhain sé srianta na cinsireachta de na meáin chumarsáide, ionas go bhfuair muintir an Aontais cead cainte agus teacht ar eolas an chéad uair riamh sa stair.

Mar shampla, sa bhliain 1990, d’admhaigh Mikhail Gorbachov go raibh airm an tSóivéadach freagrach as Sléacht Katyn.[5]

Míchail Gorbaitseov sa bhliain 1988

Deireadh leis an gCogadh Fuar

cuir in eagar

I mí Mhárta 1985 d’fhógair Gorbaitseov deireadh le Teagasc Brezhnev. Bhí an smaointeoireacht taobh thiar de seo sothuigthe; chiallaigh a chinneadh deireadh a chur leis an Chogadh Fhuar nach raibh aon ghá a thuilleadh le crios maolánach Oirthear na hEorpa. Anois ní thriailfí tíortha a choinneáil siar dá mba mhian leo a saoirse a bhaint amach. Lena thaispeáint gurbh fhíor dó sa mhéid a dúirt sé, thosaigh Gorbaitseov a aistarraingt trúpaí Rúiseacha as Oirthear na hEorpa.[4]

I mí Dheireadh Fómhair 1989, thug Míchail Gorbachev cuairt ar Bheirlín Thoir agus thosaigh na rialtais Chumannacha in Oirthear na hEorpa ag titim ceann i ndiaidh a chéile.[6]

Rinne Gorbachev iarracht athchóiriú a dhéanamh, agus cuireadh deireadh leis an gCogadh Fuar mar thoradh.

Bronnadh Duais Nobel na Síochána air sa bhliain 1990.

Titim an rialtais Sóivéadach

cuir in eagar

Ní raibh Gorbachev féin ag súil leis an seachthoradh, áfach, gur thosaigh na poblachtaí Sóivéadacha éagsúla ag éileamh forlámhais ar a gcuid tailte, nó fiú neamhspleáchas,

Tharla Iarracht ar coup d'état san APSS i 1991. Theip ar na ceannaircí nuair a chuir trúpaí a bhí dílis do Yeltsin agus Gorbachev an coup faoi chois. D'fhógair Boris Yeltsin ar an 22 Lúnasa 1991 go raibh an coup thart. Bhain sé dea-cháil amach.

Ní raibh an oiread cumhachta ag Gorbachev agus a bhíodh. Cuireadh ar ais in oifig é. Ach laistigh de cheithre mhí, eisreachtaíodh an Páirtí Cumannach sa Rúis. Roimh dheireadh na mbliana, bhí a neamhspleáchas fógartha ag gach ceann de na 15 poblacht san APSS. Chruthaigh triúr de na stáit ba mhó, an Rúis, an Úcráin agus an Bhealarúis aontas nua darb ainm Comhlathas na Stát Neamhspleách.

Fuair Gorbachev bás ar 30 Lúnasa 2022, in aois 91 dó, ag an Central Clinical Hospital i Moscó, i ndiaidh do a bheith breoite le tamall fada. Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go raibh Mikhail Gorbachev ar dhuine do na daoine is suntasaí ó thaobh na polaitíochta a bhí ann, déanach sa 20ú haois. Chabhraigh polasaithe Gorbachev chun ''Eoraip saor'' a chruthú.[7]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. ""Míchail Gorbaitseov"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-08-19.
  2. Deaglán de Bradún. (2016). "Cinnlínte" (Cois Life). 
  3. 3.0 3.1 curriculumonline.ie. "An Stair ː DRÉACHT-THREOIRLÍNTE DO MHÚINTEOIRÍ". Dáta rochtana: 2022.
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 Diarmuid Ua Bruadair, St Mary's Béal Feirste. "An Cogadh Fuar". Dáta rochtana: 2020.
  5. Shane Ó Curraighín, Sinéad Ingoldsby, Fearghal Ó Maolagáin (27 September 2013). "‘Herody Kaytn’ a léiriú ag Aisteoirí Bulfin < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2022-08-30.
  6. "Fall of the Berlin Wall: It was thanks to Soviet leader Mikhail" (en). The Independent (2014-10-30). Dáta rochtana: 2020-08-19.
  7. Nuacht RTÉ (2022-08-31). "Ómós léirithe do Mikhail Gorbachev atá tar éis bháis" (as ga).