Staidéar ar chórais le leachtanna statacha nó faoi ghluaisne, chun fórsa a tharchur. Go minic, is uisce nó ola an leacht tarchuir. Baineann aon inneall a úsáideann, a rialaíonn nó a choinníonn leacht feidhm as prionsabail na hiodrálaice. Tagann feidhmeanna na hiodrálaice i gceist in uisciú, soláthar uisce do theach nó ionad oibre, cumhacht hidrileictreach, agus dearadh dambaí, canálacha is píobán. Bíonn córais hiodrálacha coscán sa chuid is mó d'fheithiclí bóthair. Braitheann an fáisceán hiodrálach ar fhórsa beag, f, a chur i bhfeidhm ar fhairsinge bheag, a, le bru a chruthú: p = f/a. De réir prionsabal Pascal, tarchuirtear an brú seo trí phíobáin chuig fairsinge níos mó, A, áit a bhfeidhmíonn an fhairsinge sin fórsa, F, ionas gur F/A = p, agus mar sin F = (f/a) A = (A/a) f. Is iolraitheoir agus tarchuradóir fórsa é an fáisceán brú.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Hiodrálaic". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 347.