Hiostaimín
Is éard is hiostaimín ann ná díorthaíoch d'aimíonaigéad a dtáltar méid an-bheag de go nádúrtha ag an gcolainn. Méadaíonn an tál nuair a spreagtar an córas imdhíonach chun tuilleadh gníomhaíochta i gcás an fhiabhras léana nó aon fhrithghnímh ailléirgigh. Cuireann an hiostaimín breise tús le sraothartach, tochas, íth, sileadh súile, agus siomptóim mhíchompordacha eile. Baintear feidhm as raon drugaí a dtugtar na hantaihiostaimíní orthu chun hiostaimín a chealú. Nuair a tharlaíonn gortú d'orgán ar bith sa cholainn táltar an-chuid hiostaimín, rud a chuireann tús le leathnú na bhfuileadán agus a laghdaíonn an brú fola ar an gcaoi seo.[1]
Substaint cheimiceach | aicme eintiteas ceimiceach |
---|---|
Mais mhóilíneach | 111.08 Da |
Fionnachtaí nó aireagóir | Henry Hallett Dale |
Tacsón ina n-aimsítear é | dorád coiteann, Aplysia californica, Araneus ventricosus, Arripis trutta, Chrysaora quinquecirrha, Cnidoscolus texanus, Geodia barretti, Nephila clavata, Phytolacca americana, Phytolacca japonica, pis, Ramalina fraxinea, Urtica dioica, Urtica urens, Vespula germanica, Vitis vinifera, Homo sapiens, lus na gréine, Hippospongia communis, tráta, Tamus communis, crotharnach, Echinocereus triglochidiatus, Cannabis sativa, garra bhuí, Caenorhabditis elegans, Trichonephila clavata agus Orthosia guilleminiana |
Ról | histamine agonist (en) |
Struchtúr ceimiceach | |
Foirmle cheimiceach | C₅H₉N₃ |
SMILES canónta | Model 2D C1=C(NC=N1)CCN |
InChI | Model 3D |
Airí | |
Pointe leáite | 83.5 °C 84 °C |
Fiuchphointe | 209.5 °C 210 °C |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Histeaimín". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 349.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol a bhaineann le sláinte é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |