Homaighnéasachas
Is ionann homaighnéasachas agus foirm gnéasachta ina mbíonn aomadh gnéasach idir baill den ghnéas céanna. Tá teoiricí síceolaíocha is socheolaíocha ann a dhéanann iarracht í a mhíniú. Is ábhar cuid mhaith conspóide polaitiúla freisin é, agus tá cead pósta idir cúpla den ghnéas céanna, a cheadaítear i dtíortha áirithe, i measc na bpointí is conspóidí le blianta anuas.
LeithchealCuir in Eagar
Is minic a dhéantar leithcheal ar dhaoine atá homaighnéasach. Cosnaíonn na dlíthe i dtíortha áirithe ar leithcheal ar bhonn gnéis nó claonadh gnéis. Tá eagraíochtaí cosúil le ICCL nó An Comhairle um Chearta Daonna,[1] ag obair ar mhaithe le deireadh a chur le leithcheal.
Féach freisinCuir in Eagar
TagairtíCuir in Eagar
|
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |