Iarnród Tras-Sibéarach
Is iarnród é an tIarnród Tras-Sibéarach a tógadh i 1891–1905 ó chathair Chelyabinsk i sléibhte na hÚraile trasna na Sibéire go dtí Vladivostok ar an Aigéan Ciúin. Timpeall an ama chéanna tógadh géagáin ó Ulan-Ude ó dheas go hUlánbátar na Mongóile agus síos go Béising na Síne, agus ó Vladivostok go Harbin is Béising. Tógadh géagán mórthimpeall ar Loch Baikal i 1916. Sna 1960idí-1970idí tógadh géagán fada ó Novosibirsk ó thuaidh ó Loch Baikal go Nikolaevsk-na-Amure ar an Aigéan Ciúin. Is iad na cathracha móra air ná Moscó, Ekaterinburg, Chelyabinsk, Omsk, Novosibirsk, Irkutsk, Ulan Ude, Kharbarovsk agus Vladivostok. Tá an t-iarnród leictrithe anois, ach tógann sé 7 lá taisteal ó cheann go ceann.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |