Sa bhitheolaíocht, gluaiseacht orgánach nó a staid scaipthe (i gcás síolta, spór nó larbhaí) ó réigiún amháin go réigiún eile. Cuimsíonn sí gluaiseacht aontreo isteach i réigiún nó amach as, ach den chuid is mó, gluaiseachtaí déthreócha tréimhsiúla a bhíonn i gceist, ar feadh fad mór ar bhealaí cinnte atá sainithe go leor. Tarlaíonn a leithéid d'imirce shéasúrach, mar shampla, idir réigiúin bheathaithe samhraidh is geimhridh, agus spreagann fadú nó giorrú an lae í.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Imirce". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 365.