Inneall insteallta dhírigh
Inneall dócháin inmheánaigh a fheidhmíonn ar thimthriall Diesel. Instealltar an breosla sa chuasán dócháin a chruthaítear sa sorcóir idir barr na loine is bun cheann an tsorcóra. Sorcóir neamhroinnte dócháin amháin a bhíonn anseo, ní hionann is an córas le sorcóir roinnte dócháin, ina measctar an t-aer is an breosla i seomra amháin agus a ndéantar an dóchán i seomra beag eile atá ceangailte leis.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Inneall insteallta dhírigh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 369.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |