Innealtóireacht ghéiniteach
Is éard is Innealtóireacht ghéiniteach nó géinteicneolaíocht ann, ar a dtugtar freisin modhnú géiniteach nó ionramháil ghéiniteach, ná modhnú agus ionramháil géinte orgánaigh, ag baint úsáide as teicneolaíocht. Is sraith teicneolaíochta í a úsáidtear chun chomhdhéanaimh ghéinitigh na gceall a athrú, lena n-áirítear aistriú géinte laistigh de theorainneacha speiceas agus trasna teorainneacha speiceas chun orgánaigh fheabhsaithe nó núíosacha a tháirgeadh. Faightear ADN nua tríd an ábhar géiniteach inspéise a aonrú agus a chóipeáil ag úsáid teicneolaíocht ADN athchuingrigh nó tríd an ADN a shintéisiú go saorga. Cruthaítear agus úsáidtear veicteoir (nó tógán) de ghnáth chun an ADN seo a chur isteach san óstorgánach. Rinne Paul Berg an chéad mhóilín athchuingreach ADN i 1972 trí an ADN ón víreas moncaí SV40 a chomhcheangal leis an víreas lambda. Chomh maith le géinte a ionsá, is féidir an próiseas a úsáid chun géinte a bhaint, nó a scriosadh. Is féidir an ADN nua a chur isteach go randamach, nó a dhíriú ar chuid ar leith den ghéanóm.
Is ceist bhunúsach eitice is fealsúnachta í an cumas nua seo ag daoine cur isteach ar na próisis dhúchasacha agus struchtúr géiniteach ár ngné féin, fiú, a athrú. Tá an-chuid taighde ar siúl i ngéinteiripe, ina gcuirtear géinte leis an eolas ceart isteach i gcealla ina bhfuil géinte máchaileacha, mar shampla le géinghunna, nó a gcuirtear isteach géinte nua a threoraíonn déanamh ábhar frithghalrach. Tá an obair seo ag a tús fós. Mar thoradh ar innealtóireacht ghéiniteach, tá feabhas curtha ar bharra is stoc, déantar córacha leighis i miocrorgánaigh, agus is féidir daoine a thástáil féachaint an bhfuil galair dhúchasacha acu.[1]
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Innealtóireacht ghéiniteach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 370.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |