Intleacht eachtardhomhanda

Níl aon fhianaise go bhfuil aon neach beo intleachtach ar aon rinn spéire taobh amuigh den Domhan. De bhrí go bhfuil an oiread sin pláinéad sa Chruinne, áfach, agus hidrigin, uisce, is foinsí fuinnimh ar an-chuid díobh, creideann réalteolaithe gur dóchúil é go bhfuil neacha intleachtacha amuigh sa spás agus sibhialtachtaí acu. Táthar ann ina measc a cheapann gur dóchúil é go bhfuil 10,000-100,000 sibhialtacht ar phláinéid de chuid Bhealach na Bó Finne féin. Ó timpeall 2000NASA i mbun scéime chun intleacht nó beatha eachtardhomhanda a chuardach, an Suirbhé Micreathonn Ardtaifigh. Tá radaiteileascóip spáis lainseáilte chun an radaíocht mhicreathonnach amuigh sa spás a ghlacadh agus aon eolas nó comhartha os cionn an fhothraim a thástáil is a léamh, más féidir é.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Intleacht eachtardhomhanda". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 373.