Ionduchtú (sutheolaíocht)

Sa tsutheolaíocht, oibriú spreagthaí nádúrtha chun fíochán neamhspeisialta a athrú ina fhíochán speisialta. Ag an gcéim is luaithe den suth, díreach tar éis don siogót tosú ag cilldeighilt, is cealla neamhspeisialta cealla an tsutha, agus cumas iontu fás in aon saghas cille. De réir mar a théann an fhorbairt ar aghaidh, spreagann cealla áirithe (na spreagthóirí) cealla eile sa chomharsanacht chun fáis ar bhealaí cinnte chun cealla, fíocháin, is orgáin de shaghsanna áirithe a dhéanamh.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Ionduchtú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 376.