Ionduchtú leictreamaighnéadach
Is éard atá i gceist le hionduchtú leictreamaighnéadach[1] ná cruthú fórsa leictreaghluaisnigh (flg, nó emf, ina voltaí) i seoltóir tríd an seoltóir a ghluaiseacht i réimse maighnéadach nó an réimse atá mórthimpeall an tseoltóra a athrú.
De réir dlí Faraday (1831), is ionann an flg a chruthaítear agus ráta athraithe an fhlosca mhaighnéadaigh tríd an seoltóir, méadaithe faoi -1.
É seo is bun le gineadóir srutha ailtéarnaigh (SA) de shaghas an dineamó, agus feidhmiú an trasfhoirmeora is an mhótair.[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““ionduchtú leictreamaighnéadach” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-10-19.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Ionduchtú leictreamaighnéadach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 376.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |