Ionsaithe antraisc (SAM, 2001)

Tharla ionsaithe antraisc sna Stáit Aontaithe i rith an fhómhair 2001. Ar 18 Meán Fómhair 2001, seachtain amháin i ndiaidh na n-ionsaithe 9/11, seoladh litreacha amach ina raibh antrasc ann, agus an teachtaireacht, "DEATH TO AMERICA, DEATH TO ISRAEL, ALLAH IS GREAT", srl.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtIonsaithe antraisc
Íomhá
Cineálionsaí sceimhlitheoireachta Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse18 Meán Fómhair - 9 Deireadh Fómhair 2001
Dáta na bliana9 Deireadh Fómhair 2001 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhWashington, D.C.
Nua-Eabhrac, New York
West Palm Beach, Florida Cuir in eagar ar Wikidata
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
SpriocSeanad Stáit Aontaithe Mheiriceá agus news media (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Is cúis lePatriot Act (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna5 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe17 Cuir in eagar ar Wikidata


seoladh litreacha amach ina raibh antrasc ann

Na litreacha

cuir in eagar

Seoladh litreacha le antrasc i mí Meán Fómhair agus ar an 5 agus 9 Deireadh Fómhair. Ar 21 Deireadh Fómhair 2001, bhásaigh an tríú duine sna Stáit Aontaithe de bharr na litreacha. Fuair cúigear bás in iomlán le linn na tréimhse seo (beirt Seanadóirí san áireamh) agus thit i bhfad níos mó tinn. Níos déanaí, bhí litreacha bréige eile seolta ach ní raibh aon dochar iontu. Ach mhúscail siad imní i measc an phobail, agus taom sceimhle fiú.

seoladh litreacha amach

Iarmhairtí

cuir in eagar

Tamall i ndiaidh 9/11, chuir scéala an antraisc scanradh ar go leor daoine sna Stáit Aontaithe ag an am. Bhí Meiriceá dulta i dtaithí ar dhrochscéalta - an 11 Meán Fómhair, na hionsaithe antraisc, caint faoi ionsaithe eile sceimhlitheoireachta, agus caint faoi chogadh thar lear (san Afganastáin agus san Iaráic).[1] Chuir na meáin go mór leis an sceon lena dtuairisceoireacht éigrinn. Ba neamartach an mhaise dóibh scéalta a scaipeadh gan tabhairt le fios nach raibh iontu ach ráflaí.[2]

Mar sin bhíothas scanraithe mar gheall ar na litreacha tamall maith fada. Le linn an ama seo, rinne an tUachtarán Bush an cinneadh chun ionradh a dhéanamh ar an Afganastáin.

Eolaí ar mire

cuir in eagar
Bruce Ivins sa bhliain 2003

Eolaí san United States Army Medical Research Institute of Infectious Diseases (USAMRIID), Fort Detrick, Maryland, a bhí freagrach as na hionsaithe, is cosúil. Bruce Ivins[3] an t-ainm a bhí air agus bhí meabhairghalar air, is cosúil. Bhí an cás á fhiosrú fós sa bhliain 2008 nuair a chuir Ivins lámh ina bhás féin.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. Tom Deignan (2002). "Muintir Mheiriceá ag bogadh ar aghaidh" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-10-21.
  2. Barra Ó Donnabháin (2001). "D'imigh sin is tháinig seo" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-10-21.
  3. "Bruce Edwards Ivins" (as en) (2021-10-16). Wikipedia.