James Emerson Reynolds
Ceimicí a rugadh i mBaile an Bhóthair, Contae Bhaile Átha Cliath, ab ea James Emerson Reynolds (1844-1920). Sa 19ú céad bhí an-spéis ag lucht ceimice sa Ghearmáin in úiré, ábhar fuíll ainmhithe. D'éirigh leis an gceimicí cáiliúil Gearmánach Friedrich Wöhler an t-ábhar orgánach úiré a dhéanamh tríd an ábhar neamhorgánach cianáit amóiniam a théamh. Ba nasc é seo idir dhá bhrainse ceimice a mheastaí a bheith scoite leithleach. D'éirigh le Reynolds tia-úiré a shintéisiú i 1869, rud nár éirigh leis na Gearmánaigh. Ba cheannródaí é i múineadh na ceimice praiticiúla do mhic léinn, agus d'fhoilsigh sé leabhar chuige sin, Experimental Chemistry for Junior Students (Ceimic Thurgnamhach do Mhic Léinn Shóisearacha, 1883). Rinne sé taighde suntasach ar thomhas meáchan adamhach, agus i gcur chun cinn chlár peiriadach na ndúl. Shuigh sé beirilliam ina ionad ceart sa chlár sin.[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1844 |
Bás | 1920 75/76 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | ceimiceoir |
Ball de | An Cumann Ríoga (1880–) |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "James Emerson Reynolds". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 557.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |