James Lovelock
eolaí Sasanach
Ba é James Lovelock an t-eolaí Sasanach (26 Iúil 1919 - 26 Iúil 2022) a chum an téis sna 1970idí gur orgánach comhdhéanta atá sa domhan ina maireann muid.[1] "Gaia" a bhaist sé ar an hipitéis seo, ina samhlaítear an Domhan iomlán ina orgánach a mhionathraíonn a chomhshaol féin chun coimeád ina staid bharrmhaith.
Chuir Lovelock síos ar GAIA ina leabhar GAIA: A New Look at Life on Earth (GAIA: Léargas Nua ar an mBeatha ar Domhan, 1979). Bhunaigh Lovelock an coincheap ar gheolaíocht, geoicheimic, bitheolaíocht éabhlóideach, is aeráideolaíocht, agus phléigh sé na bealaí rialaithe siarchothaithe ina n-idiroibríonn na páirteanna éagsúla den Domhan óna chroíleacán amach go barr an atmaisféir.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Tadhg Mac Dhonnagáin (2009-04-23). "Garraí Johnny Mhorgan: Dea-scéala don Ghaeilge, fíordhrochscéala don chine daonna?". Garraí Johnny Mhorgan. Dáta rochtana: 2022-07-28.
- ↑ ucd.ie (2009). "TUARASCÁIL AN UACHTARÁIN,MEÁN FÓMHAIR 2008 – LÚNASA 2009". Dáta rochtana: 2022.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |