Dúnmharú Jean McConville
Tharla Dúnmharú Jean McConville áit éigin in Éirinn tuairim is 1 Nollaig 1972 (rugadh an bhean ar an 7 Bealtaine 1934 i mBéal Feirste), duine de na daoine a d’fhuadaigh an IRA, ar fearr aithne orthu mar ‘The Disappeared’. Baintreach le deichniúr clainne ab ea í a d'fhuadaigh an tIRA Sealadach óna hárasán in iarthar Bhéal Feirste i 1972.[1] Bhí líomhaintí ann gur bhrathadóir a bhí inti.[2]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 7 Bealtaine 1934 Béal Feirste, Northern Ireland |
Bás | Nollaig 1972 38 bliana d'aois Tuaisceart Éireann, Ríocht Aontaithe |
Siocair bháis | Dúnbhású |
Gníomhaíocht | |
Teangacha | Béarla |
Bhí dúnmharú McConville i measc na n-eachtraí ba chonspóidí le linn na dTrioblóidí.
Imeachtaí
cuir in eagarRugadh McConville mar Phrotastúnach. D'iompaigh sí ar an gCaitliceachas nuair a phós sí. Chuir Dílseoirí an ruaig ar muintir McConville in 1969.
27 bliain níos déanaí, mhaígh an tIRA go bhfuarthas tarchuradóir in árasán McConville i mí na Samhna 1972. Bhí cónaí uirthi in árasáin Dubhaise in iarthar Bhéal Feirste ag an am (bhog muintir McConville isteach san árasán cúpla lá roimh an eachtra). Baintreach 38 bliain d'aois ab ea inti.[3]
D'admhaigh óglach de chuid an IRA, Dolours Price (a fuair bás in 2013) gur thiomáin sí McConville chuig a bás i gCo Lú agus go raibh beirt eile ina teannta nuair a dúnmharaíodh í. I leabhar le Patrick Radden Keefe, deirtear ann gur deirfiúr Dolours, Marian Price a scaoil marbh McConville.[3]
Ansin chuir an tIRA tarcaisne i gceann na héagóra. Chuir siad corp McConville i bhfolach. Fágadh an deichniúr clainne ina ndílleachtaí gan éinne le theacht i gcabhair orthu, más le faitíos roimh an IRA é nó de bharr amhrais. D’fhág an tIRA na dílleachtaí gan eolas an raibh a máthair beo nó marbh. Scaipeadh ráflaí gránna fúithi, mar shampla gur amhlaidh a thréig a máthair iad agus go raibh sí imithe le fear.[4]
Nuair a thug na seirbhísí sóisialta aird ar na páistí tar éis sé seachtaine, scar siad óna chéile iad agus chuireadar in institiúidí difriúla iad. Níor chas cuid den chlann ar a chéile arís go ceann blianta. Anuas air sin d’fhulaing siad an drochíde a bhí coiteann sna hinstitiúidí sin. Ní nach ionadh bhí drochthionchar ag a dtaithí ar shláinte na clainne agus fágadh cuid mhaith acu gan scileanna saoil.[4][5]
Lean an tIRA leis an gcur i gcéill go dtí go mb’éigean dóibh an fhírinne faoi na “disappeared” a admháil mar chuid de phróiseas na síochána.[6]
Fuarthas corp McConville i Shelling Hill Beach, Carlingford, Co Lú ar an 26 Lúnasa 2003 Bhí duine ag siúl ar an trá agus tháinig sé/sí ar a taisí, de sheans.[7]
Cóir
cuir in eagarSa bhliain 1999, d'admhaigh an tIRA go raibh siad freagrach as dúnmharú McConville agus cuid de na dúnmharuithe eile ag an am, "The Disappeared".[8]
In 2014, ba é Drew Harris féin, Leas-Phríomhchonstábla an SPTÉ, a cheadaigh gabháil Uachtarán Shinn Féin, Gerry Adams, le go gceisteofaí é faoi fhuadach McConville. Ach saoradh Adams gan aon chúis a bheith curtha ina leith.[9] Mhaígh Adams go raibh tromlach na fianaise a cuireadh roimhe bunaithe ar agallaimh ó théipeanna Choláiste Bostún,[10] agallaimh a deir seisean a rinneadh le daoine atá i gcoinne phróiseas na síochána.[3][11]
Sa bhliain 2016, bhí athbhreithniú dlíthiúil ceadaithe do mhuintir Jean McConville faoi chomhaid a bheith ceilte orthu.
Chinn Ombudsman na bPóilíní nár fiosraíodh a marú go ceann scór blianta.[12] Le linn 2016-2017 chuaigh muintir McConville chun na cúirte féachaint an dtig leo súil a chaitheamh ar cibé faisnéis a bhailigh an FSS[13] (an fhoireann a d’fhiosraigh coireanna stairiúla) sular cuireadh deireadh leis. Dúirt na póilíní gur coinníodh dréacht thuairisc an FSS faoi rún ionas nach mbainfí an bonn d’ionchúisimh... fiú daichead bliain níos déanaí.[6][14][15]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Póilín Ní Chiaráin (29 Márta 2023). "Tá sé thar am rún uafásach na bportach agus na ndumpaí a scaoileadh – ní binn béal ina thost i gcónaí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-22.
- ↑ Breandán M Mac Gearailt (21 Samhain 2024). "Léamh Disney+ ar na Trioblóidí róghar don chnámh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-22.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 Nuacht RTÉ (2018-11-01). "Séanta ag Marian Price gurb í a scaoil marbh Jean McConville" (as ga-IE).
- ↑ 4.0 4.1 Póilín Ní Chiaráin (25 Iúil 2017). "‘Is gearr uainn an uair nach mbeidh éinne againn fágtha’ – faillí ar dhaoine a d’fhulaing mí-úsáid" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-22.
- ↑ In 2014, thug mac di, Billy McConville fianaise ag an bhFiosrú faoi Mhí-úsáid Stairiúil in Institiúidí. Dúirt sé gur fhulaing sé drochúsáid ghnéis in institiúid Bhráithre de La Salle, Teach Rubane agus mí-úsáid chorpartha. “Tromluí” ab ea an saol sa teach sin i gCill Ghobáin, a dúirt sé ag an bhfiosrú. Thug sé suas a cheart nach n-ainmneofaí é ionas go bhféadfadh sé labhairt amach.
- ↑ 6.0 6.1 Póilín Ní Chiaráin (24 Eanáir 2016). "Éirímis as dóchas gan údar a thabhairt d’íobartaigh i dtaobh coireanna stairiúla" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-22.
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (10 Bealtaine 2017). "Thar am scéal scannalach na ‘Disappeared’ a thabhairt chun críche" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-22.
- ↑ D’admhaigh an IRA gurbh iadsan a mharaigh trí dhuine dhéag, dáréag fear agus bean amháin, Jean McConville.
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (27 Meitheamh 2018). "Cé hé Drew Harris, Coimisinéir nua an Gharda Síochána?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-22.
- ↑ "The history project behind Gerry Adams’s arrest" (en). France 24 (2014-05-01). Dáta rochtana: 2024-11-22.
- ↑ "Full text of Adams speech following his release" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2024-11-22.
- ↑ policeombudsman.org (2006). "Report into the complaint by James and Michael McConville regarding the police investigation into the abduction and murder of their mother Mrs Jean McConville". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-02-08. Dáta rochtana: 2024.
- ↑ Foireann Fiosruchán Stairiúil nó Historical Enquiries Team
- ↑ "Police report into Jean McConville to be released after criminal case ends" (en). The Irish News (2017-11-10). Dáta rochtana: 2024-11-22.
- ↑ Alan Erwin (2017-11-11). "McConville police report must wait until end of criminal case" (en). www.thetimes.com. Dáta rochtana: 2024-11-22.