Jhelum (abhainn)
Is abhainn í an Jhelum (Hiondúis: झेलम, Sanscrait: वितस्ता, Urdúis: جہلم, Puinseáibis: ਜਿਹਲਮ / جہلم, Caismíris: व्यथ / ویتھ) i dTuaisceart na hIndia agus in Oirthear na Pacastáine. Is í an ceann is faide siar de na cúig abhainn i réigiún an Phuinseáb í, agus téann sí trí Ghleann na Caismíre. Is fo-abhainn í den Chenab agus tá a fad iomlán thart ar 725 ciliméadar. [1]
![]() | |||||
Cineál | Abhainn | ||||
---|---|---|---|---|---|
Cuid de | Miotaseolaíocht na Gréige | ||||
Inici | |||||
Ilchríoch | An Áise | ||||
Tír | An India | ||||
Stát san India | Jammu agus an Chaismír | ||||
Deiridh | |||||
Tír | An India | ||||
Stát san India | Himachal Pradesh | ||||
Suíomh | Abhainn Chenab | ||||
| |||||
Craobh-aibhneacha | |||||
Abhantrach | abhantrach na hIondúise | ||||
Damba nasctha |
Karot Hydropower Project (en) ![]() | ||||
Tréithe | |||||
Toisí |
774 (![]() | ||||
Cros | An India agus An Phacastáin | ||||
|
StairCuir in Eagar
Sa chianaois, thug na Gréagaigh an Hídeaspaes (Sean-Ghréigis: Ὑδάσπης, Hudáspês) ar an abhainn. Ba í láthair Chath an Hídeaspaes í, idir Alastar Mór agus Póros, rí Indiach den ríocht Paurava, i mí Iúil 326 RCh. Feadh bhruach na habhann seo a chaill Alastar Mór a chapall Bucephalus agus a mhadra Péritas agus thóg Alastar na na cathracha Bucephalus agus Péritas a bhí ainmnithe aige ina gcuimhne.
TagairtCuir in Eagar
- ↑ Jhelum River -- Encyclopædia Britannica. Retrieved on 2013-10-04.