Kálmán Kalocsay
Scríbhneoir Esperanto agus máinlia Ungárach ab ea Kalmán Kalocsay (Kalocsay Kálmán [kɔlotʃay 'ka:lma:n] de réir ord ainmneacha traidisiúnta na hUngáire; 6 Deireadh Fómhair, 1891 - 27 Feabhra, 1976). Eagarthóir, file agus aistritheoir, a raibh breis is 30 teanga aige, a bhí ann freisin, agus bhí tionchar ollmhór aige ar éabhlóid litríocht Esperanto. De bhunús Gaeilge a ainm baiste, "Kolomano" as Esperanto, nó "Colmán" as Gaeilge.[1],[2]
Ainm sa teanga dhúchais | (hu) Kalocsay Kálmán (eo) Kolomano Kaloĉajo |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 6 Deireadh Fómhair 1891 Abaújszántó, An Ungáir |
Bás | 23 Feabhra 1976 84 bliana d'aois Búdaipeist, An Ungáir |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Eötvös Loránd - míochaine (–1916) |
Teanga dhúchais | an Ungáiris |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Míochaine, scríbhneoireacht chruthaitheach agus phroifisiúnta, filíocht, Esperanto agus aistriú |
Gairm | Easparantóir (1911–), aistritheoir, file, lia galar aicídeach |
Fostóir | Saint Ladislaus Hospital (en) (1920–) Nyugat (en) |
Ball de | |
Teangacha | Esperanto, an Ungáiris, Béarla, an Ghearmáinis agus an Iodáilis |
Agus é ina fhear óg, oileadh é ina dhochtúir. Níos déanaí rinneadh príomh-ghalareolaí de ag ospidéal mór i mBúdaipeist.
Saothar
cuir in eagarSa bhliain 1921 a foilsíodh a chéad bhailiúchán filíochta "Mondo kaj Koro" (domhan agus croí). Meastar go leathan gurb eisean a scríobh an bailiúchán soinéad anghrách "Sekretaj Sonetoj" (soinéid rúnda), a foilsíodh faoin ainm cleite « Peter Peneter ».
Eisean a bhí mar eagarthóir ar an iris litríochta Esperanto is ar an bhfoilsitheoir "Literatura Mondo" (domhan na litríochta) sna 1930-aí agus sna 1940-aí, a bhí mar lárionad ag an Budapeŝta Skolo, scoil Bhudapest.
I measc a shaothair ar an litríocht is ar an teangeolaíocht tá "Plena Gramatiko de Esperanto" (lánghraiméar Esperanto) agus an Parnasa Gvidlibro (treoir Pharnassus), saothair i gcomhar le Gaston Waringhien, chomh maith le "Lingvo Stilo Formo" (teanga, stíl, foirm) faoin stíl san fhilíocht. Bhí baint aige le Ciclipéid Esperanto in dhá imleabhar.
Chuir a lán údar suim in Kalocsay, agus is í Ada CSISZÁR atá i bhfeidhil a shaothair neamhfhoilisthe anois.
Bunsaothar filíochta in Esperanto
cuir in eagar- Mondo kaj Koro, 1921
- Streĉita Kordo
- Rimportretoj
- Izolo
- Dekdu poetoj (dhá fhile déag), 1934
Saothair aistrithe go hEsperanto ag Kálmán Kalocsay
cuir in eagar- Johano la Brava le Sándor Petőfi, 1923
- La Tragedio de l'Homo le Madach, 1924 (athfhoilsithe in 1965)
- Eterna Bukedo (filíocht aistrithe as 22 theanga) in 1931
- Romaj Elegioj le Goethe, 1932;
- Hungara Antologio, 1933;
- Infero le Dante, 1933
- La Floroj de l'Malbono (le Baudelaire) (comhaistriúchán), 1957
- Reĝo Lear le Shakespeare, 1966
- Kantoj kaj Romancoj de Heine, i gcomhar le Gaston Waringhien, 1969
- Libero kaj Amo le Sándor Petőfi, 1970
- Ezopa saĝo athchruthaithe de réir Aesop, 1956
- La Somermeznokta Sonĝo le Shakespeare
- La Tempesto le Shakespeare
- Tutmonda Sonoro - dhá imleabhar filíochta, aistrithe as 30 theanga, 1981
Saothair ar na teangacha
cuir in eagar- DOMFABRIKO : 6000 frazeologiaj esprimoj hungaraj-Esperantaj (i gcomhar le Ada CSISZÁR, 1975;
- Lingvo Stilo Formo, staidéi
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ eAnswers. "eAnswers - ask any question and quickly get an answer from real people" (en). eAnswers. Dáta rochtana: 2019-02-27.
- ↑ "Coloman of Stockerau" (as en) (2018-08-30). Wikipedia.