Duine de chúlaistíní sinsearacha Osama bin Laden ab ea Khalid Sheikh Mohammed[1] (a rugadh ar an 1 Márta 1964),[2] de bhunadh Chuáit, agus "an té a phleanáil na hionsaithe 9/11 (2001)", a deirtear sa phreas.[3][4] Gabhadh é (agus a leathbhadóir Mustafa al-Hawsawi[5]) sa Phacastáin ar an 1 Márta 2003.

Infotaula de personaKhalid Sheikh Mohammed

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ar) خالد شيخ محمد Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1 Márta 1964
60 bliana d'aois
Cuáit Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnIoslam
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Chowan Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheGuantanamo Bay detention camp (en) Aistrigh
Gníomhaíocht
Gairmsceimhlitheoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Croineolaíocht
11 Meán Fómhair 20019/11 Cuir in eagar ar Wikidata

Choinnigh na Meiriceánaigh an beirt faoi rún in ionaid éagsúla sular cuireadh iad sa phríosún i mbunáit mhíleata Chuan Guantánamo in 2006. Céasadh go minic agus go sistéamach iad i gcaitheamh na mblianta sin, tráth a "mhaígh siad" go raibh go leor ionsaithe sceimhlitheoireachta eile sna Stáit Aontaithe beartaithe acu, nó sin a mhaígh na húdaráis.[2]

Faoi dheireadh, ar an 31 Iúil 2024, bhí margadh dlíthiúil[6] déanta ag ionchúisitheoirí leis an bheirt.[7] De réir an mhargaidh, pléadálfaidh na fir ciontach i gcomhcheilg mar mhalairt ar phríosún saoil seachas an pionós báis a bhí os a gcionn. Féachadh roimhe seo le margadh mar é a dhéanamh ach chuir go leor de ghaolta na ndaoine a maraíodh sna hionsaithe ina aghaidh.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. ar a dtugtar freisin Ali Salem, ar a dtugtar freisin Bin Khalid Fahd Bin Abdallah, ar a dtugtar freisin Henin Ashraf Refaat Nabith, ar a dtugtar freisin Wadood Khalid Abdul), a rugadh an 14.4.1965 nó an 1.3.1964 sa Phacastáin
  2. 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2024-08-01). "Margadh déanta le triúr faoi ionsaithe sceimhlitheoireachta 2001" (as ga-IE). 
  3. Ellen Knickmeyer,Larry Neumeister,Michael R. Sisak,The Associated Press. "Accused 9/11 mastermind Khalid Sheikh Mohammed agrees to plead guilty to al-Qaida attack" (en). Fortune. Dáta rochtana: 2024-08-01.
  4. Cinneadh (CBES) 2024/332 ón gComhairle Eorpach an 16 Eanáir 2024 lena nuashonraítear liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas a chumhdaítear le Comhsheasamh 2001/931/CBES maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus lena n-aisghairtear / Cinneadh (CBES) 2023/1514
  5. "Mustafa al-Hawsawi" (as en) (2024-07-31). Wikipedia. 
  6. "Plea Agreements Reached with 9/11 Defendants Khalid Shaikh Mohammad, Walid Bin 'Attash and" (en-US). U.S. Department of Defense. Dáta rochtana: 2024-08-01.
  7. Oren Liebermann, Lauren del Valle (2024-07-31). "US reaches plea deal with alleged 9/11 mastermind Khalid Sheikh Mohammed | CNN Politics" (en). CNN. Dáta rochtana: 2024-08-01.