Kirkpatrick Macmillan
ceapadóir Albanach
Gabha a rugadh gar do Bhàrr na Driseig in Albain ab ea Kirkpatrick Macmillan (2 Meán Fómhair 1813 - 26 Eanáir 1878). I 1837 thóg sé an gearrán gaige, saghas rothair arbh fhéidir leis an marcach é féin a bhrú ar aghaidh air lena chosa. I 1840 chuir sé cromáin leis chun an chéad rothar le troigheáin a tháirgeadh, le fráma adhmaid is rotha le boinn iarainn. Níor phaitinnigh a mheaisín riamh, agus tugadh an chreidiúint as fionnachtain an rothair dá bhréagaithriseoir Gavin Dalzell.
Kirkpatrick Macmillan | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | Cathair, 2 Meán Fómhair 1812 |
Náisiúntacht | Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann |
Bás | Cathair, 26 Eanáir 1878 |
Gairm | |
Gairm | gabha agus cumadóir |
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |