Kobe Bryant
Imreoir cispheile gairmiúil Meiriceánach ab ea Kobe Bean Bryant (23 Lúnasa 1978 – 26 Eanáir 2020). Garda caithimh a bhí ann ar an gcúirt. D'imir Bryant 20-séasúr ar fad, an t-am ar fad leis na Los Angeles Lakers san National Basketball Association (NBA). Imreoir cispheile gairmiúil leis an NBA ab ea a athair freisin agus chuaigh sé féin isteach san NBA go díreach ón ardscoil, ag baint amach cúig chraobh NBA. Áirítear é mar dhuine de na himreoirí cispheile is fearr riamh. Dar leis an iriseán Forbes, bhí $350 milliún d'acmhainn aige sa bhliain 2016. Fuair sé bás ar 26 Eanáir 2020 i dtimpiste héileacaptair ina maraíodh ochtar eile, ina measc iníon leis darbh ainm Gianna.
Rugadh Kobe do Joe Bryant agus a bhean chéile in Philadelphia, Pennsylvania. Nuair a d'éirigh a athair ón NBA thosaigh sé ag imirt chispheile san Iodáil, agus chaith Kobe tamall ansin agus é ag fás aníos. Ar ais i Meiriceá dó, d'fhreastail sé ar Lower Merion High School i bPennsylvania, mar ar aithníodh é mar an t-imreoir cispheile meánscoile ab fhearr sa tír.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |