Krist Novoselic
Is ceoltóir Meiriceánach é Krist Anthony Novolselic (rugadh é ar an 16 Bealtaine, 1965), nó Chris Novoselic mar a bhíodh aithne air níos luaithe. Bhí Novoselic ina dhordghiotáraí leis an mbanna rac-cheoil Nirvana. D'éirigh sé as an gceol ag deireadh na 1990idí, agus is scríbhneoir agus gníomhaí polaitiúla é anois.
(2008) | |
Ainm sa teanga dhúchais | (en) Chris Novoselic |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | (en) Krist Anthony Novoselić 16 Bealtaine 1965 59 bliana d'aois Compton, California |
Faisnéis phearsanta | |
Grúpa eitneach | Crótaigh |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ardscoil Aberdeen Lower Columbia College (en) |
Airde | 2.01 m |
Gníomhaíocht | |
Gairm | dordóir, cumadóir amhrán, giotáraí |
Tréimhse oibre | 1987 – |
Ball de | Nirvana (1987–1994) |
Seánra | Grúinse |
Teangacha | Béarla |
Uirlis | Dordghiotár agus giotár |
Lipéad ceoil | Sub Pop |
Teaghlach | |
Céile | Darbury Stenderu (2004–) |
Suíomh gréasáin | novoselic.com |
|
Nirvana
cuir in eagarRugadh Krist i gCompton, California sa bhliain 1965. As an gCróit ab ea a theaghlach, agus chuaigh siad chun chónaigh sa bhaile beag Aberdeen, sa stát Washington. Coimhthíoch a bhí i Krist in Aberdeen. Bhí sé ciúin, aisteach agus an-ard - sé troigh seacht n-orlach, nuair a bhí sé óg fós. Bhuail sé le Kurt Cobain san ardscoil, agus thosaigh siad ag seinm le chéile. Ar dtús ní raibh a lán suim ag Krist i gceol Kurt, ach ghéill sé tar éis tamaill. B'e Cobain an príomhscríbhneoir sa ghrúpa, ach is cinnte gur foireann a bhí iontu. Bhí Krist an-ghnóthach le gach gné den bhanna, agus b'eisean a bhí sé freagrach as dearcadh an bhanna.
Leis an albam Nevermind, bhris Nirvana isteach i bpríomhshruth an cheoil go tobann, agus bhí cáil mhór orthu. D’fhan Krist agus Kurt mar chairde, ach bhí sé deacair uaireanta le andúil drugaí Kurt, agus na fadhbanna a bhí ann le bean nua Kurt Courtney Love. Mar thoradh ar an deacrachtaí seo, níor fhreastail Krist ar phósadh Kurt agus Courtney sa bhliain 1992, tar éis argóint. Sa bhliain 1994, sheinn Nirvana ceolchoirm sa Chróit, rud a bhí Krist an-bhródúil as. Cúpla mí ina dhiaidh sin, áfach, bhí Kurt marbh. I mí Aibreáin 1994, thiomáin Krist a chara go dtí an aerfort i Seattle, agus ní fhaca sé é beo arís.
A shaol tar éis Nirvana
cuir in eagarBhain Krist triail as cúpla banna nua - Sweet 75 agus Eyes Adrift. Tar éis tamaill, d'éirigh sé as an gceol agus thosaigh sé ag obair i gcúrsaí polaitiúla. Is Daonlathach é Krist, agus úsáideann sé a ainm chun teachtaireacht a dhéanamh ar chúrsaí pholaitiúla. Scríobh Krist a chéad leabhair i 2004, Of Grunge and Government: Let's Fix this Broken Democracy, agus foilsíodh é sa bhliain 2005. Tá ceadúnas píolóta ag Krist freisin.
Tagairtí
cuir in eagarIs síol ceoil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |