Lá Domhanda um Níochán Lámha
Ceiliúrtar an Lá Domhanda um Níochán Lámha ar an 15 Deireadh Fómhair. Tá sláinteachas láimhe ar cheann de na bealaí is tábhachtaí chun scaipeadh ionfhabhtaithe a chosc Faightear an chuid is mó de ghalair ó lámha salacha, go hairithe an slaghdán, an fliú agus fiú ionfhabhtaithe (atá deacair a chóireáil ar nós MRSA) agus pianta boilg,[1]
Cineál | lá idirnáisiúnta |
---|---|
Comóireann sé | hand washing (en) |
Bailíocht | 2008 - |
Lá | 15 Deireadh Fómhair |
Tréimhse | 2008 - |
Príomhábhar | hand washing (en) |
Suíomh gréasáin | globalhandwashing.org |
Is féidir le níochán lámha na milliúin saol a shábháil.[2]
Modhanna
cuir in eagarComhairlíonn Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte na lámha a níː[3]
"Roimh bia a ithe nó a ullmhú
Roimh lámh a leagan ar na súile, srón nó béal
Roimh agus tar éis lámh a leagan ar chóirithe cneá nó feistí leighis (m.sh diltálairí, cataitéir)
Tar éis dul go dtí an leithreas nó casachtach, sraothartach, nó an srón a shéideadh"
Comhairlíonn an Roinn Oideachais in Éirinn[4]
"Ba chóir lámha a ní le gallúnach agus uisce.
Ná ligtear áiseanna um thriomú láimhe a chomhroinnt i measc daoine.
Ina leith sin, ar na cineáil áiseanna um thriomú láimhe d’fhéadfaí feidhmiú, áirítear tuáillí páipéir (a chuirtear de láimh sna boscaí bruscair), triomadóirí láimhe aeir the, tuáillí rolláin, nó d’fhéadfaí iarraidh ar mhic léinn agus ar na baill foirne a gcuid tuáillí féinigh a bhreith leo ar scoil agus úsáid a bhaint astu.
Ní cóir glóthach alcóil a fheidhmiú ach amháin sa chás nach mbeidh gallúnach ná uisce ar fáil agus, ar ndóigh, ní bheidh sé éifeachtach má bhíonn na lámha salach."
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ cogg.ie. "Cúram coirp". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-10-18. Dáta rochtana: 2020.
- ↑ Scoil Dlí, COBÁ¢ (2020). "Is é inniu Lá Domhanda um Níochán Lámha" (ga). Twitter. Dáta rochtana: 2020-10-15.
- ↑ hpsc.ie. "Lámha Glana Saol fadaː Eolas d’othair, do chuairteoirí agus cónaitheoirí". Dáta rochtana: 2020.
- ↑ education.ie. "Sláinteachas Láimhe". Dáta rochtana: 2020.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |