Tugtar láidreacht alcóil ar thomhas ar an méid alcóil atá i ndeoch alcólach. Is é an tomhas is coitianta anois céatadán an toirt eatánóil. Mar shampla, bíonn 12% eatánóil i bhfíon dearg de ghnáth, arb ionann é is 90 ml i ngnáthbhuidéal. Is é an profa an tomhas a bhíodh in úsáid, tomhas an eatánóil i dtaca leis an tomhas chéanna ar bhiotáille profa caighdeánach. Sa bhiotáille profa bíonn 57.07% eatánóil, agus mar sin, is ionann profa 70°, mar a bheadh in uisce beatha, is neart 0.70 × 57.07 = 40%.[1]

Buidéal rum ar profa 75.5 é de réir an chórais Eorpaigh, nó profa 151 de réir an chórais i bhfeidhm sna Stáit Aontaithe

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Láidreacht alcóil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 392.