Snáithín leaistiméireach saorga a d'fhionn comhlacht DuPont. Is féidir leis filleadh ar a bhunfhad fiú má shíntear 600% thairis é. Is snáithín polúireatáin é atá roinnte i dteascáin, a fheidhmíonn mar a bheadh snáithe leanúnach amháin ann, ach le fírinne is burla mionfhiliméad é. Is é a struchtúr teascánach móilíneach a thugann na hairíonna sínte dó. Cuingrítear i gcónaí le snáithíní eile é chun ábhar a dhéanamh.

WD Bosca Sonraí Comhdhúil CheimiceachLíocra
Wrestlers in spandex.jpg
Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachSnáithín saorga agus Leaistiméirí