Itheann agus athdhéanann an damhán alla a líon gach lá tais, díreach roimh bhreacadh an lae. Athshúnn an líon uisce ón aer tais, agus ceaptar gur chun uisce a fháil a itheann an damhán é. Le linn aimsire tirime, ní bhíonn fonn air é a ithe leath chomh minic. Ní bhíonn fáil aige ar uisce ó aon fhoinse eile ach ón gcreach a ghabhann sé ann. Ní fhágann sé é, agus bíonn ag faire air an t-am ar fad. Airí eile de chuid an lín is ea go bhfuil dhá shaghas tointe síoda ann: tointí láidre dolúbtha a fheidhmíonn mar chreatlach an struchtúir, agus tointí insínte ar féidir iad a shíneadh faoina 4 ar a laghad, a dhéanann an líon gafa ina ngreamaítear an chreach. Tá tugtha faoi deara gur láidre téada damháin alla ná an Kevlar a úsáideann saighdiúirí is póilíní mar bhunábhar i ndéanamh éadaí piléardhíonacha. B'fhéidir go mbeidh éadaí piléardhíonacha, paraisiúit agus criosanna sábhála níos fearr le fáil más féidir líonta damháin alla a shaothrú chuige sin.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Líon damháin alla". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 411.