Leadhbóg
Leathóg choitianta Eorpach a fhaightear i bhfarraige thanaí gar don chladach ón Iorua go dtí an Mheánmhuir, ag treá isteach sna haibhneacha úra ó thuaidh. An chuid uachtarach den cholainn liathdhonn le paistí dorcha is flannbhuí, an taobh íochtarach bán. Suas le 50 cm ar fhad. Tábhachtach in áiteanna mar bhia-iasc.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Leadhbóg". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 398.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |