Féatas
(Athsheolta ó Leanbh gan bhreith)
Suth aon ainmhí a dhéanann leanbh beo clainne a bhreith, de rogha ar ubh. Sa duine, tugtar féatas (nó Leanbh gan bhreith sa duine) ar an suth nuair a bhíonn príomhstruchtúir na colainne foirmthe, timpeall dhá mhí tar éis toirchiú an ubháin ag an speirm, agus as sin go dtí breith an linbh. Tugtar siogót ar an ubh thoirchithe aoncheallach. Ansin deighleann an siogót, ag cruthú a thuilleadh is a thuilleadh ceall, agus tagann le bheith ina chíteaplast, sáite sa bhroinn. Leanann an deighilt ar aghaidh trí chéimeanna an tsutha is an fhéatais go dtí an bhreith. Tar éis breithe, is nuabheirthe (Béarla: neonate) an fhéatas anois.[1]
Aitheantóirí | |
---|---|
TS | E1.0.2.6.4.0.6 |
FMA | 63919 : il-aiseach – ordlathach |
Acmhainní seachtracha | |
Téarmaíocht anatamaíoch |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Féatas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 259.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol anatamaíochta é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |