Mionobráid ghínéiceolaíoch a dhéantar chun cúiseanna neamhord míostraithe a iniúchadh, carcanóma na broinne a dhiagnóisiú, fiú siada beaga a bhaint. Úsáidtear ladar speisialta don ghnó, cúiréad (lúb le himeall géar ar cheann slaite agus an tslat mar chos an chúiréid). Leatar an ceirbheacs, cuirtear lúb an chúiréid isteach, agus scríobtar líneáil na broinne go breá bog. Déantar an fíochán a fhaightear mar seo a scrúdú le micreascóp chun an diagnóis a dhéanamh.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol faoin galar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.