Leathlobhar mac Eachach

Rí na gCruithne

Rí Dhál Araí na gCruithne, de chlann Uí Chaolbhadh, ba ea Leathlobhar mac Eachach (Sean-Ghaeilge Lethlobar mac Echach (bás 709). Eochaidh Iarlaithe mac Lorgan (bás 666), iar-rí, ba ea a athair.[1][2][3] Bhí sé i réim ón mbliain 708 go dtí 709.

Infotaula de personaLeathlobhar mac Eachach
Beathaisnéis
Bás709
Teaghlach
PáisteIonrachtach mac Leathlobhair Cuir in eagar ar Wikidata
AthairEochaidh Iarlaithe

Tháinig sé i gcoróin tar éis dúnmharú Chú Chuaráin mhic Dhúnghaile Eilne (bás 708), as Eilne féin, sa bhliain 708.

Tuairiscítear bás Leathlobhair sna hannála i gCath Dul, ar Mhagh Eilne idir an Banna agus agus an Buais i gContae Aontroma.[4][5] Ní deirtear cé a bhuaigh, ach moltar Dál Fhiatach, a bhí díreach tar éis éirithe i ríogacht na nUlad.[6]

Deirtear gur phós iníon Leathlobhair, Barrdhubh, le Bécc Bairrche mac Blathmaic (bás 718) rí Ulad de Dhál Fhiatach.[7] Rinneadh rí Dhál Araí dá mac Ionrachtach (bás 741).

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • Mac Niocaill, Gearoid (1972), Ireland before the Vikings, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Byrne, Tábla 7
  2. Charles-Edwards, Aguisín XXII
  3. Mac Niocaill, lch. 138
  4. Annála Uladh, AU 709.1
  5. Annála Tiarnaigh, AT 709.1
  6. Mac Niocaill, lch. 709
  7. Mac Niocaill, lch. 115