Coilíneacht bheag réamhstairiúil d'fhiagaithe/iascairí/cnuasaitheoirí ar bhruacha na Danóibe ag Mám na nGeataí Iarainn sa tSeirbia. Fuarthas 7 bpas cónaithe ann, agus suas le 136 foirgneamh ó timpeall 6500-5500 RC ó tosaíodh ar an tochailt sheandálaíoch i 1965. Go suntasach, fuarthas 53 dealbh gaineamhchloiche d'ainmhithe is daoine, cuid acu teibí agus cuid eile níos léirithe, an dealbhóireacht cuimhneacháin is ársa san Eoraip.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.