Saghas cill bhán fola ar leith (leocaicít) a bhíonn i láthair sa bhfuil, na soithigh limfeacha, agus fíocháin eagraithe liomfóideacha (an liathán, na nóid limfeacha, mar shampla).

WD Bosca Sonraí AnatamaíochtLimficít
Cuid de córas limfeach
Aitheantóirí
MeSH D008214
TH H2.00.04.1.02002
FMA 62863 : il-aiseachordlathach
Acmhainní seachtracha
EB Online science/lymphocyte
Téarmaíocht anatamaíoch


Hematopoiesis (human) diagram en.svg

Rangaítear na limficítí mar limficítí B (cealla B) a dhíorthaítear ó smior na gcnámh, agus limficítí T (cealla T) a dhíorthaítear ón tímeas.

Activated lymphocytes-11.JPG

Aibíonn limficítí B sa smior, agus cuimsíonn siad na hábhair a chruthaíonn cealla an phlasma, táirgtheoirí na n-antashubstaintí. Aibíonn limficítí T sa tímeas ó chealla réamhtheachtaire a rinne imirce ó smior na gcnámh, agus a fhéadfaidh cabhrú (cealla T cabhraithe) nó cosc a chur (cealla T coiscthe) le cealla T.

Tumour-infiltrating lymphocytes - 1 -- very high mag.jpg

Cuimsíonn limficítí T réamhtheachtairí cealla T cíteatocsaineacha freisin, a mharaíonn cealla atá ionfhabhtaithe le víris go díreach, gan aon antashubstaintí a bheith i gceist.

An uireasa imdhíonach a fheictear in ionfhabhtú le SEIF, de réir dealraimh, éiríonn sí thar aon rud eile ó chailliúint cealla T cabhraithe de bharr ionfhabhtú roghnach cealla T ag an víreas agus a scrios iarmharach.

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar