Lionsa leathanuilleach
(Athsheolta ó Lionsa leathanuillinne)
Is éard is lionsa leathanuilleach[1] ann ná lionsa le réimse leathan san uillinn glactha, ní hionann is an gnáthlionsa a bhíonn feistithe i gceamara. Bíonn a fhad fócasach níos lú ná trasnán an scannáin a bhíonn in úsáid sa cheamara. Sa ghnáthlionsa bíonn uillinn glactha timpeall 52°, i lionsa leath-leathanuilleach 55-65°, i lionsa leathanuilleach 65-80°, agus i lionsa fíorleathanuilleach 80-110°.[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““lionsa leathanuilleach” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-04-02.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Lionsa leathanuillinne". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 412.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |