Rón liopaird
speiceas mamach
(Athsheolta ó Liopardrón)
Fíor-rón Antartach is ea an rón liopaird[1], nó an liopardrón, a bhíonn seang le ceann gobach. Dúliath ar barr, éadrom faoina bhun le spotaí dorcha. Maireann sé ar imeall an oighearshlaoda. Itheann sé piongainí den chuid is mó, á gcroitheadh as a gcraiceann roimh ré. Itheann sé róin eile, éisc is splíonach freisin. An t-aon rón a bhfuil an baineannach níos mó ná an fireannach. Tugtar liopard na farraige air freisin.[2]
Hydrurga leptonyx | |
---|---|
Stádas caomhnaithe | |
Speiceas is lú imní | |
UICN | 10340 |
Tacsanomaíocht | |
Aicme | Mammalia |
Ord | Carnivora |
Fine | Phocidae |
Géineas | Hydrurga |
Speiceas | Hydrurga leptonyx (Blainv., 1820) |
Ainmníocht | |
An chéad ainm Laidine a bhí air | Phoca leptonyx |
Léarscáil de raon an tacsóin | |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““Hydrurga leptonyx” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Liopardrón". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 413.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol ainmhí é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |