Louise O'Neill

scríbhneoir Éireannach

Scríbhneoir Éireannach is ea Louise O'Neill, a rugadh i gCloch na Coillte, Iarthar Chorcaí, i 1985. Scríobhann sí leabhair d'aosaigh óga agus ficsean coireachta.

Infotaula de personaLouise O'Neill
Beathaisnéis
Breith24 Feabhra 1985
39 bliana d'aois
Corcaigh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreIriseoireacht agus belles-lettres
Gairmscríbhneoir litríocht pháistí, iriseoir, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Saol Óige cuir in eagar

Rugadh agus tógadh i Chontae Corcaí í. Bhain sí Baitsiléir Ealaíon sa Bhéarla amach ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus ansin bhain sí Dioplóma Iarchéime i gCeannach Fhaisin amach ón Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath[1]. Bhog O'Neill go Nua-Eabhrac i 2010 agus chaith sí bliain ag obair le Kate Lanphear, Ardstiúrthóir Stíl don iris ELLE[2][3]. D'fhill sí go hÉirinn i 2011 agus thosaigh sí ag scríobh.

Gairm scríbhneoireachta cuir in eagar

Scríobh sí a chéad úrscéal Only Ever Yours, a d'fhoilsigh Quercus i 2014. Bhuaigh sí Gradam Bord Gáis - Sunday Independent Duine Nua na Bliana i 2014. I 2015, bhuaigh sí Duais Dioltóiri Leabhar don Leabhar D'Aosaigh Oga na Bliana agus bhuaigh sí Gradam Eilis Dillon ó Children's Books Ireland[4][5]. I 2015, cheannaigh an comhlacht léirithe Killer Content cearta scannáin agus teilifís ar an leabhair Only Ever Yours[6].

D'fhoilsigh a dara húrscéal Asking for It i 2015, leabhar ficsean faoin éigniú, a thosaigh díospóireacht faoi chultúr éignithe in Éirinn[7]. Fuair an scannán moladh ó na léirmheastóirí agus chaith sé 52 seachtain ag barr an liosta díolacháin leabhar in Éirinn[8]. I 2015, bhuaigh é Gradam Leabhar Éireannach - Duais Specsavers don Leabhar d'Aosaigh Óga na Bliana[8]. I 2016, cheannaigh Bandit Television na cearta teilifís ar Asking For It[9]. An bhliain chéanna, scríobh O' Neill clár faisnéise ar RTÉ a Dó faoi thoil ghnéis[6]. Cóiríodh Landmark Productions an leabhar don ardán i 2018; scríobh drámadóir Meadhbh McHugh an dráma.[10] Chuireadh é ar an ardán den chéad uair san Amharclann Everyman i gCorcaigh, ar an 15 Meitheamh, 2018[10].

D'fhoilsigh O'Neill dhá leabhair i 2018, Almost Love agus The Surface Breaks.

Chuir sí leabhar nua amach i 2020, After the Silence, leabhar a bhuaigh Duais An Post - Leabhar Coireachta na Bliana i 2020.[11]

Oibríonn sí mar saoririseoir ag scríobh le roinnt nuachtáin agus irisí in Éirinn, ar nós an Irish Examiner[12]. Scríobhann sí faoi chúrsaí feimineach, faisean agus cultúr.

Úrscéalta cuir in eagar

  • 2014 - Only Ever Yours (Quercus Publishing)
  • 2015 - Asking for It (Quercus Publishing)
  • 2018 - Almost Love (Quercus Publishing)
  • 2018 - The Surface Breaks (Scholastic)
  • 2020 - After the Silence (Quercus Publishing)

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "2016/17 Louise O'Neill | University of Limerick". ulsites.ul.ie. Dáta rochtana: 2021-05-17.
  2. "Writer's Block with Louise O'Neill" (en-US). The Gloss Magazine (2018-03-16). Dáta rochtana: 2021-05-09.
  3. "Louise O'Neill". www.fantasticfiction.com. Dáta rochtana: 2021-05-29.
  4. Robert Dunbar. "Who’ll take home a children’s book award? Louise O’Neill, for one" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-05-10.
  5. Martin Doyle. "Louise O’Neill wins The Bookseller’s YA Book Prize for Only Ever Yours" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-05-10.
  6. 6.0 6.1 Una Mullally. "Louise O’Neill: ‘The hardest place to maintain my feminism is in a relationship with a straight man’" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-05-14.
  7. Aoife Barry. "Louise O'Neill: "I wanted the reader to finish this book and be absolutely furious"" (en). TheJournal.ie. Dáta rochtana: 2021-05-10.
  8. 8.0 8.1 "Louise O’Neill" (en). ASKING FOR IT (2017-11-03). Dáta rochtana: 2021-05-14.
  9. "Louise O'Neill's Asking for It is being made for TV" (en). the Guardian (2016-04-11). Dáta rochtana: 2021-05-14.
  10. 10.0 10.1 "Louise O'Neill and Meadhbh McHugh on adapting 'Asking for It' for the stage, portraying sexual violence, and the Ulster rape trial" (en). independent. Dáta rochtana: 2021-05-14.
  11. "After the Silence: The An Post Crime Novel of the Year".
  12. "Writer's Block with Louise O'Neill" (en-US). The Gloss Magazine (2018-03-16). Dáta rochtana: 2021-05-09.