Maol Dúin

laoch an scéil Immram Curaig Maíle Dúin
(Athsheolta ó Máel Dúin)

I miotaseolaíocht na nGael, scéal Iomraimh[1] is ea Iomramh Curach Mhaoil Dúin (Sean-Ghaeilge Immram Curaig Maíle Dúin). Máel Dúin mac Ailealla Eochair Agartha is ea laoch an scéil. Is dúnmharú a athar é spreagadh an tsága.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarMaol Dúin
Cineálcarachtar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
I saotharIomramh Curach Mhaoil Dúin Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata

Stair an téacs cuir in eagar

Is scéal den genre Immram, spreagtha b'fhéidir ag na scéalta clasaiceacha agus a laochra Jason, Odaiséas agus Aeinéas.[2]

Téann an scéal féin, idir phrós agus fhilíocht Sean-Ghaeilge, siar go dtí an 8ú haoise. Caomhnaítear an téacs i leagan Meán-Ghaeilge ón de chuid na 11ú haoise, luaite le Áed the Fair, a deirtear gurbh "ard ollamh" é. Faightear an téacs i Leabhar na hUidhre; lámhscríbhinn in Acadamh Ríoga na hÉireann; agus i Leabhar Buí Leacáin, MS. H. 216, Leabharlann Choláiste na Tríonóide. Tá blúiríní le feiceáil in Harleian MS. 5280 agus Egerton MS. 1782 sa British Museum.[2]

Scéal cuir in eagar

D'éignigh an gaiscíoch istAilill Eochair[3] Agartha (Ailill Ochair Aghra) bean rialta as mainistir Chill Dara, agus rugadh Maol Dúin mar thoradh. Tar éis dúnmharú a athar ag foghlaí, tógadh é chuig dún an rí. Nuair a chuala sé sa deireadh scéal a thuistí – bás a athar ach go háirithe – d'imigh sé ar turas mara le currach le roinnt er compánach, chun díoltas a bhaint amach.

Ag triall ar muir, bhuail siad ar scata oileán le seangáin daoniteacha, éin a d'itheadh úil óir (féach freisin Avalon), ar oileán na gáire síoraí b'éigean dóibh compánach a fhágáil ann (féach freisin Immram Brain). Shroich siad faoi dheireadh oileán banfhlatha, agus cuireadh fáilte rompu le trí lá. Ach nuair a d'fhiafraigh compánach di ar mhaith léi fanacht le Maol Dúin, cuireadh ar an dtoirt an ruaig orthu ar an bhfarraige mhór amach ag ceo draíochta (Fíth-fáth). Lean siad leo ar fánach, agus tar éis cuairt a thabhairt ar níos mó ná tríocha oileán, tháinig siad ar ais go hÉirinn. D'aimsigh Maol Dúin marfóirí a athar, agus mhaith sé iad as carthanas chríostaí.

Ábhar Críostaí cuir in eagar

Molann Hans Oskamp gurb é Immram Maíle Dúin an scéal is luaite a bhaineann leas gan idirdhealú as ábhar págánach agus Críostaí indiscriminately.[4] Tugann Elva Johnston faoi ndeara go dtugann an mhoill breis ama do Mhaol Dúin chun athmhachnamh a dhéanamh ar a dhíoltas, agus ríthábhachtach dá bharr ina slánú.[5] Tá buíochas Mhaoil Dúin as ucht cabhair Dé níos treise ná fonn díoltais.[6]

Cóirithe cuir in eagar

  • Ní fhaightear in Voyage of Maeldune le Alfred Tennyson oiread ach creatlach an scéal.
  • Chóirigh Thomas Wentworth Higginson an sága go garbh ina ghearrscéal Maelduin's Voyage. Is ridire Éireannach é 'Maelduin' a chuirtear ar turas mara ag draoi.[7]
  • D'eagraíodh Joseph Jacobs leagan dílis den scéal, fóirsteanach do pháistí, maraithe ag John D. Batten, in Book of Wonder Voyages.[8]
 
"The mill of Grudging" le John D. Batten, in The Book of Wonder Voyages le Joseph Jacobs
  • Scríobh Patricia Aakhus leagan úrscéalach, The Voyage of Mael Duin's Curragh, foilsithe sa bhliain 1989.[9][10]
  • Ath-insint nua-aimsirthe den scéal is ea A Celtic Odyssey le Michael Scott.

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

  • Helmut Birkhan, Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur. 2., korrigierte und erweiterte Auflage. Verlag der Österreichischen Akademie der Wissenschaften, Wien 1997, ISBN 3-7001-2609-3.
  • Bernhard Maier, Lexikon der keltischen Religion und Kultur. Kröner, Stuttgart 1994, ISBN 3-520-46601-5.
  • H. P. A. Oskamp, The Voyage of Mael Dúin. A Study in Early Irish Voyage Literature followed by an Edition of Immram Curaig Maele Dúin from the Yellow Book of Lecan, in Trinity College, Dublin. Wolters-Noordhoff, Groningen, 1970.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur, lch. 844.
  2. 2.0 2.1 Encyclopedia Britannica B1911, Maelduin, Voyage of, imleabhar 17, lch. 297
  3. eochair2, béal, imeall, ar teanglann.ie FGB
  4. Oskamp, H. P. A. (1970), The Voyage of Máel Dúin. A study in early Irish voyage literature followed by an edition of Immram Curaig Máele Dúin from the YBL in TCD, Wolters-Noordhoff Publishing Company, Groningen, p. 43
  5. Johnston, Elva (2003), Devlin, Judith; Clarke, Howard B. (eds.), "A Sailor on the Seas of Faith: The Individual and the Church in The Voyage of Mael Duin", European Encounters: Essays in Memory of Albert Lovett, University College Dublin Press, hdl:10197/8328
  6. Visser, Margaret (2009), The Gift of Thanks: The Roots and Rituals of Gratitude, Houghton Mifflin Harcourt, ISBN 9780547428444
  7. Higginson, Thomas Wentworth (1898), "XI. Maelduin's Voyage", Tales of the Enchanted Islands of the Atlantic, The Macmillan Company, pp. 96–107
  8. Jacobs, Joseph, ed. (1896), "The Voyage of Maelduin", The Book of Wonder Voyages, pp. 91–185
  9. Cotter, James Finn (Earrach 1990), "Review: The Voyage of Mael Duin", The Hudson Review, 43 (1): 165–169, doi:10.2307/3852359, JSTOR 3852359 {{citation}}: Check date values in: |date= (cabhair)
  10. Weber, Katherine (28ú Eanáir 1990), "IN SHORT; FICTION", www.nytimes.com (National ed.), p. 7007022 {{citation}}: Check date values in: |date= (cabhair)