Uireasa comhábha(i)r atá riachtanach sa chothú. Tarlaíonn tearc-chothú nuair nach n-ionghabhtar dóthain fuinneamh bia, agus má leantar leis seo caillfear an-chuid meáchain. Is féidir go dtarlóidh uireasa níos sainiúla, cosúil le huireasaí vitimín amháin nó oiread áirithe vitimíní, b'fhéidir uireasa na vitimíní uiscethuaslagtha (na B-vitimíní, vitimín C is na fóláití) nó na vitimíní olathuaslagtha (vitimíní A, D is E). Is féidir go dtarlóidh uireasa leictrilítí, nó méideanna uireasacha aigéad sailleach riachtanach nó aimíonaigéad. Is féidir go gcuirfidh siad seo bun le raon leathan mínormáltachtaí cliniciúla is éalanga meitibileachta.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Míchothú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 453.