Míniú ildomhan
Sa bhfisic, tairiscint a rinne an fisiceoir Meiriceánach Hugh Everett i 1957 maidir le tomhas i gcóras candamach, go dtarlaíonn gach toradh ar féidir leis tarlú. I gcodarsnacht leis an dearcadh comhghnásach go bhfeictear (is go dtomhaistear) staid amháin de na staideanna ar féidir leo tarlú. Thiocfadh an chonclúid ón dearcadh ildomhan go bhfuil an Chruinne ag deighilt an t-am ar fad chun líon ollmhór cruinní eile a tháirgeadh, go bhfuil siad sin go léir ann, nach n-idirghníomhaíonn siad le chéile, agus go mairimídne i gceann amháin de na cruinní seo. Réitíonn an teoiric nó an míníu seo deacrachtaí i dteoiric chandamach na dtomhas, ach ar bhealach ró-amhrasach ar fad.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Míniú ildomhan". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 457.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |