Crústach uisce locha is abhann a fhaightear in uisce marbh nó mallghluaiste ina bhfuil plandaí lofa. A dheighleoga bolgacha comhleáite le chéile. Iompraíonn an baineannach aibí an t-ál i bpúitse faoi bhun an tóraics. Itheann sé fásra lofa.[1]

  1. Hussey, Matt (2011). "Míol uisce". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 461.