Míolgheografaíocht

Staidéar ar dháileadh ainmhithe is a ngnéithe ar fud an Domhain, mar a bhí is atá, ag iarraidh an dáileadh a thuiscint ó phróisis imirce is iompair, baic nádúrtha, athruithe aeráide, deascadh na n-ilchríoch teicteonach, tubaistí nádúrtha, agus eile.