Mórtheoiricí aontaithe
Teoiricí tuairimeacha a dhéanann iarracht an fórsa núicléach láidir, an fórsa núicléach lag, an fórsa leictreamaighnéadach is an forsa imtharraingteach a aontú in aon teoiric amháin.
Beirt fisiceoirí ó na Stáit Aontaithe, Howard Georgi (1947-) is Sheldon Glashow (1932-), a rinne an iarracht is luaithe an chéad 3 cheann de na fórsaí bunúsacha seo a aontú, trí chrómaidinimic chandamach agus teoiric Glashow-Weinberg-Salam a chuingriú.
Réamhinis siad go bhfuil dhá cháithnín fhorthroma ann, X is Y, a mbeadh mais timpeall 1015 oiread mhais an phrótóin acu, go meathfadh prótóin go mall, agus go bhfuil a leithéid is aonphoil mhaighnéadacha throma ann.
Níor braitheadh ceachtar de na réamhinsintí seo ná ní bhfuarthas aon fhianaise thurgnamhach orthu fós. Tá an-deacracht fós imtharraingt a chur faoin imchlúdach teoiriciúil céanna, agus luaitear teoiricí ar a dtugtar sártheaghráin[1] i measc na mórtheoiricí aontaithe a bheidh ábalta an fhadhb seo a réiteach, meastar. Ach níl rath ar an obair seo fós.[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““superstring” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-03.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Mórtheoiricí aontaithe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 470.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |